Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Pádraigín Ní Uallacháin le ‘Songs of the Scribe’ a léiriú i nDoire

$
0
0
Beidh Eaglais Naomh Agaistín, Co. Doire mar óstach don léiriú beo den albam de chuid Phádraigín Uí Uallacháin, Songs of the Scribe: Guth ár Sinsir, ar Dé Céadaoin 5 Meitheamh. 

Is ceiliúradh é an t-albam nua seo agus an taispeántas beo  de chuid Phádraigín Uí Uallacháin, amhránaí traidisiúnta cónaithe ag Lárionad Séamus Heaney, Ollscoil na Banríona, ar Naomh Colm Chille. Iar-shuíomh cónaithe Cholm Chille is ea Eaglais Naomh Agaistín mar sin ní bheadh áit ar bith eile i nDoire níos oiriúnaí mar ionad ar an gceiliúradh.

Léiriúchán breá ceoil a bheidh i gceist le Guth ár Sinsir, ina dtarraingeoidh Pádraigín Ní Uallacháin a cuid inspioráide agus ábhair ón tSean-Ghaeilge: na sean-liricí, an sean-cheol agus an fhilíocht, ag baint leasa as fidleacha, cláirsigh agus glór álainn Uí Uallacháin féin. 

Cuireadh glór Uí Uallacháin i gcomparáid le glór stairiúil na manach ón 6ú go dtí an 12ú aois. Tá ábhar an albaim bunaithe ar stair thraidisiúnta na manach: an tsimplíocht agus an áilleacht ar bhain lena saol fadó. 

Molann Séamus Heaney é féin Songs of the Scribe mar “obair aoibhinn uathúil mar gheall ar áilleacht na hamhránaíochta, binneas agus glaineacht an ghlóir agus mar gheall ar an dóigh a dtaispeánann an ceol seo meas do mhacántacht an rann. Tá an ceoltóir mar aon leis na dánta seo”. 

Ar 8i.n. a thosóidh an ócáid, ar Dé Céadaoin 5 Meitheamh; agus ní mór ticéad a cur san áireamh trí glaoch ar (0044) 28-7126 8108. Tá costas £10 ar an ócáid. 


© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Guth Gafa ag teacht go Málainn i mbliana

Deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge teastas TEG a bhaint amach

As Na Nuachtáin: Glór na nGael

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>