Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ard-cheiliúradh déanta ar na meáin Ghaeilge ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

$
0
0
Bhí atmaisféar den scoth le haireachtáil in Óstán Galway Bay Dé hAoine seo caite ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais inar tugadh aitheantas d’ardchaighdeán craoltóireachta trí mheán na Gaeilge le dhá mhí dhéag anuas.

Rinne an craoltóir aitheanta, Aengus Mac Grianna an searmanas a stiúradh ar bhealach snasta le cuid d’fhéith an ghrinn, rud a tharraing an lucht féachana le chéile agus iad ag ceiliúradh na n-éachtaí, ceann ar cheann.

Bronnadh Gradaim Speisialta ar an stáisiún raidió pobail, Raidió na Life atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód agus ar an gcraoltóir Par Butler a bhfuil 36 bliain de léiriú, láithriú agus tuairisceoireacht teilifíse curtha faoi. Cuireadh le héachtaí Raidió na Life nuair a bronnadh an Gradam don Suíomh Gréasáin is fearr ar fhoireann an stáisiúin chomh maith.

Is iad bunaitheoirí Sónta Teo, deartháireacha Éamonn agus Seán Ó Cualáin a ghlac leis an duais sa chatagóir 'Clár Teilifíse na Bliana' don chlár faisnéise ‘Lón sa Spéir’. Bhí ardmholadh le dul don sárobair a bhíonn ar siúl ag an gcomhlacht agus don aitheantas idirnáisiúnta atá bainte amach ag an gclár, ag féile scannánaíochta Cannes san áireamh.

Is í an tsraith ealaíona ‘Imeall’ ar TG4 a fuair aitheantas sa chatagóir 'Sraith Teilifíse na Bliana' agus fógraíodh an láithreoir teilifíse agus iar-pheileadóir Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, mar Chraoltóir Teilifíse na Bliana as cur i láthair a dhéanamh ar an gclár spóirt seachtainiúil ‘Seó Spóirt’ ar TG4. Chuaigh Gradam Aisteoir na Bliana chuig Tara Breathnach a ghlacann ról Tina O'Dowd ar Ros na Rún.

Bhain clár ‘Cormac ag an Cúig’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá curtha i láthair ag Cormac Ó hEadhra dhá ghradam amach ar an oíche sna catagóirí Craoltóir Raidió na Bliana agus Clár Raidió na Bliana.

I gcatagóir na meán clóite, bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, an t-eagarthóir nuacheaptha ar an iris liteartha, Comhar.
Is é seo a bhí le rá ag Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais ar an oíche.

“Is iontach an rud é a bheith ag ceiliúradh 20 bliain craolacháin Raidió na Life agus tá ríméad orm gur thug siad leo an gradam nua atá againn i mbliana do Láithreán Gréasáin na Bliana. Déanaim comhghairdeas freisin le Pat Butler a bhfuil Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais tuillte go maith aige. Tá ionchur ollmhór déanta aige sna meáin chumarsáide Gaeilge agus, lena chur chuige sainiúil i ngach aon ghné den chraoltóireacht a thóg sé air féin, bhí sé lárnach i leagan síos caighdeán agus dea-chleachtas sa cheird,”

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scéimeanna traenála á gcur ar fáil ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge

Ros na Rún ar thóir réalta teilifíse úra

Ceardlanna físealaíona trí Gaeilge á reáchtáil ag Cló: Ceardlann na gCnoc

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge @OirnaGaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>