Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ísliú céime don Ghaeilge: dúnadh Chúirt an Spidéil

$
0
0
Tá Teach na Cúirte sa Spidéal le dúnadh ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair 2013 leis na cásanna deireanacha á gcloisteáil ag deireadh mhí Iúil 2013. Déanfar an chúirt a chónascadh le Teach Cúirte Dhoire an Fhéich, 30 míle ón Spidéal.

Dúnadh oifig na cúirte i dTeach na Cúirte Doire ar an gcéad lá de mhí Bealtaine 2013 agus aistríodh na seirbhísí gnó go dtí Cathair na Gaillimhe.
Bhí i gceist na trí chúirt a dhúnadh mar thoradh ar chíoradh sa bhuiséad ach tá beartaithe anois ceann amháin de na cúirteanna a dhúnadh, sin an chúirt sa Spidéal.

Caithfidh daoine ón Spidéal agus ó Dhoire an Fhéich taisteal chuig Cathair na Gaillimhe anois chun seirbhísí a fháil amhail seirbhísí admhála, ceadúnais gunnaí a íoc, ceadúnais le haghaidh síneadh ama i dtithe tábhairne d’fhéilte éagsúla sa cheantar, liúntas, ceadúnais chrannchur d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí áitiúla, fíneálacha mar aon le go leor eile.

Tá turas suas go tríocha míle i gceist ón Spidéal go dtí Teach na Cúirte Dhoire agus is turas suas go deich míle é isteach agus amach go cathair na Gaillimhe.

“Ísliú céime don Ghaeilge é seo” dar le Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta de chuid an Irish Times. “An rud a chur imní orm féin ná go gcuirfeadh sé an-bhrú ar dhaoine a raibh Gaeilge acu ó dhúchas Béarla a labhairt.”

Chomh maith leis sin, ceapann sé go mbeidh daoine ón nGaeltacht á dtarraingt óna n-áiteanna dúchais féin, ina labhraítear Gaeilge,  isteach go dtí cathair na Gaillimhe agus go mbeidh sé i bhfad níos deacra orthu na seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Deir sé go mbeidh brú orthu mar is i mBéarla don chuid is mó a reáchtáiltear na cásanna agus na seirbhísí i nGaillimh, agus cé go mbeidh an ceart ag daoine cás cúirte nó seirbhísí a lorg trí Ghaeilge, beidh drogall orthu dul in aghaidh srutha.

Beidh deacrachtaí ó thaobh costais de i gceist leis an gcóras nua freisin.  Tá a lán costas ag baint le duine ag teacht os comhair na cúirte agus méadaíonn an costas sin nuair a chuirtear cás ar ceal nó ar athlá.  Beidh impleachtaí móra ag baint leis an gcónascadh seo.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Liosta feithimh ag méadú go sciobtha don Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga

An Tionól Gaeltachta 2013

An leabhar An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc le buachan

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>