Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Slua mór i láthair ag oscailt Ghaelscoil an Chuilinn

$
0
0

Osclaíodh Gaelscoil an Chuilinn go h-oifigiúil in Iarthar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 18 Bealtaine.

Bunaíodh an Ghaelscoil i mBaile an Tirialaigh i Meán Fómhair 2012 le rang amháin ina raibh 15 dalta. Ach tá forbairt shuntasach tagtha ar an ngaelscoil ó shin agus táthar ag súil le fáilte a chuir roimh 32 dalta nua a bheas sa rang naíonáin bheaga i mí Meán Fómhair seo chugainn.

Bhailigh slua breá le chéile an tseachtain seo caite, , idir mhuintir na scoile agus an pobal áitiúil, le hoscailt oifigiúil agus éachtaí na scoile a cheiliúradh. I measc an ghrúpa i láthair bhí na Teachtaí Dála Leo Varadkar, Joe Higgins, agus Patrick Nulty, agus na comhairleoirí áitiúla Michael O'Donovan agus Kieran Dennison. Bhí an laoch spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh mar aoi speisialta ar an lá agus labhair an Teachta Dála áitiúil, Joan Burton thar ceann an Rialtais faoin bhfeabhas agus dul chun cinn atá bainte amach ag Gaelscoil an Chuilinn le bliain anuas agus leagadh béim ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa cheantar.

Bhí príomhoide Ghaelscoil an Chuilinn, Fergus Ó Conghaile an-sásta leis an oscailt agus an méid daoine a bhí i láthair; “Bhí an t-uafás daoine ann i láthair ag an oscailt idir dhaoine cáiliúla agus thuistí na scoile is a leithéid. Tá mé iomlán sásta leis an bhfás atá tagtha ar an ngaelscoil go dtí seo in éineacht le cúnamh an phobail. Ba mhaith liom buíochas mhór a ghabháil leis an sagart agus an reachtaire áitiúil a thug beatha dúinn agus a chuir fáilte romhainn sa cheantar. Táimid ag súil amach anseo le fás na scoile, chomh maith le h-oscailt Naíonra an Chuilinn i mí Meán Fómhair”.

Tá beirt fostaithe ag Gaelscoil an Chuilinn i láthair na huaire, is iad sin príomhoide na scoile Fergus Ó Conghaile agus Nóinín Ní Ghoill, atá mar mhúinteoir ann. Cé go bhfuil an rang naíonáin bheaga líonta don bhliain seo chugainn, táthar fós ag clárú dhaltaí nua don rang naíonáin mhóra agus rang a haon.

“Fásann an dúchas sa bhfoghlaim” atá mar mhana ag Gaelscoil an Chuilinn, agus is cinnte go bhfásfaidh an dúchas níos mó le líon na ndaltaí ag méadú sa Ghaelscoil as seo amach.

Tá tuilleadh eolas ar Ghaelscoil an Chuilinn ar fáil ar gaelscoilanchuilinn@gmail.com nó ar 01-8262022.

Beidh Naíonra an Chuilinn ag oscailt ag tús na scoilbhliana seo chugainn. Tá tuilleadh eolais maidir leis na naíonra nua ar fáil ar naionraanchuilinn@gmail.com nó 085-7266455.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Liosta feithimh ag méadú go sciobtha don Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga

An leabhar An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc le buachan

An Tionól Gaeltachta 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>