Dréachtscéim nua á hullmhú ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde. Tá sé i gceist deireadh a chur leis an chéad scéim Ghaeilge i nDeireadh Fómhair 2013.
Tá sé i gceist ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta scéim nua Teanga a dhréachtadh de réir alt 15 den Acht sin. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta anois ó pháirtithe leasmhara.
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig: gaeilge@djei.ie
In a mhalairt de chás, is féidir iad a sheoladh chuig:
An t-Aonad Seirbhísí Gnó (S. 14)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná: 5.00 i.n. Dé hAoine, 28 Meitheamh 2013
Cuirfear aighneachtaí a fhaightear ar láithreán gréasáin na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag www.djei.ie.
Gheobhfar breis eolais maidir leis an Acht seo ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag www.ahg.gov.ie.
Fógra poiblí foilsithe ar Gaelport.com 28 Bealtaine 2013