Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile Ealaíne An Earagail 2013

$
0
0
Beidh Féile Ealaíne An Earagail ar siúl i nDún na nGall ón 21 Meitheamh- 21 Iúil 2013. Tá an fhéile ealaíne seo ag ceiliúradh cúig bliain is fichead ar an bhfód i mbliana.

Beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl le linn fhéile na bliana seo – I measc na n-imeachtaí sin beidh: léamh filíochta; damhsa; ceol gaelach; ceardlann cois farraige; scéalaíocht; ceardaíocht; imeachtaí amharclainne; taispeántais scannáin; taispeántais ealaíona; agus siamsaíocht sráide. 

Anuas air sin, reáchtálfar dhá lá iomlán d’imeachtaí siamsaíochta ar oileán Thoraí le linn Féile Soilse Thoraí.

Beidh cuid de na hamhránaithe agus na ceoltóirí is cumasaí in Éirinn ag seinm ceoil agus ag canadh le linn na féile.  Beidh Colm Mac an Iomaire ón ngrúpa clúiteach ‘The Frames’ ar stáitse mar aon leis an mboscadóir aitheanta ón mbanna ‘Altan’, Dermot Byrne.  I measc na siamsóirí clúiteacha eile, cloisfear:  Floriane Blancke; Emer Mayock; an píobaire Mick O’Brien; an fidléir Aoife Ní Bhriain (Clannad & Altan); agus na hamhránaithe sean-nóis Maire Ní Choilm, Doiminic Mac Giolla Bhríde, agus Lillis Ó Laoire.

Beidh an-tóir ar cheolchoirm de chuid The Henry Girls agus Fidil le linn na féile, mar aon le ceol ó Mhairéad Ní Mhaonaigh ar an bhfidil, i dteannta  Eddi Reader, Julie Murphy agus Jackie Oates.  Ar an 10 Iúil reáchtálfar oíche airneáin sa Chrannóg sna Doirí Beaga, áit a gcuirfear fáilte roimh an bpobal a bheith páirteach iad féin in imeachtaí na hoíche.  Reáchtálfar an Cabaret Craiceáilte ar an Aoine 12 Meitheamh, agus beidh scoth na gceoltóirí ag tabhairt chun ardáin an oíche sin.  Le linn na féile, beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar thrá Mhachaire Rabhartaigh le taispeántas dealbhóireachta eagraithe ag ‘An Cosán Glas’.

Tá clár iomlán na féile ar fáil ar www.eaf.ie agus is féidir teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na féile ag  +353 (0)74 916 8800 nó info@eaf.ie.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Katyn a thiocfaidh tú abhaile?

Cearta craoltóireachta rugbaí go heisiach ag TG4 do Mhí Meitheamh

Pobalscoil Náisiúnta Dhátheangach do Chnoc na Cathrach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945