Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste a seoladh an dlúthdhiosca os cionn bliana ó shin.
Is as Lann Abhaigh i gCo. Aontroma don cheoltóir iomráiteach Brendan Mulholland. Tá clú agus cáil ar Bhreandán mar fhliúiteadóir den scoth agus is minic a bhíonn sé ar stáitse in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus níos faide i gcéin. Tá sé ina bhall den ghrúpa ceoil Craobh Rua. Seo é an chéad albam aonair atá déanta ag Brendan le meascán iontach d’fhoinn éagsúla.
Ceist na seachtaine seo:
Cad as don cheoltóir Brendan Mulholland?
• Co. Fear Manach
• Co. Thír Eoghain
• Co. Aontroma
• Co. Dhún na nGall
Seol an freagra agus d’ainm chuig an seoladh ríomhphoist: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 12 Meitheamh 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Alan Hudson sna Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhuaigh duais an eagráin seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meitheamh 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
Féile Ealaíne An Earagail 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge