Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

‘Dhá Chúirt’ ag teacht go TG4 roimh Chomórtas Leadóige Wimbledon

$
0
0

Agus muid ag druidim i dtreo Chomórtas Leadóige Wimbledon ag deireadh na míosa seo, tabharfaidh TG4 léargas ar shaol an imreora Vere Goold, an t-aon Éireannach ar shroich craobh an chomórtais.

In 1879 d’éirigh le Vere St. Ledger Goold Craobh Oscailte Leadóige na hÉireann a bhuachaint, chomh maith le bheith mar iomaitheoir i gcluiche ceannais Wimbledon.

Chaill Goold an cluiche ceannais seo i gcoinne Reverend John Hartley, agus déanann ‘Dhá Chúirt’  cur síos ar shaol an imreora suas go dtí an cluiche tábhachtach sin agus ansin ar na heachtraí a tharla ina dhiaidh. Feictear le linn an chláir an claochlú a thagann air le linn a ghairm leadóige go dtí an lá inar cúisíodh é  in éineacht lena bhean chéile de bharr a bheith ciontach as an dúnmharú is fuiltí ar tharla riamh sa Fhrainc.

Rugadh Vere Goold i gCluain Meala, Tiobraid Árann sa bhliain 1853. Ghlac sé ballraíocht le Club Leadóige Mhic Liam i mBaile Átha Cliath agus é ag freastal ar Choláiste na Tríonóide mar mhaithe le bheith páirteach san uasaicme. I ndiaidh dó an cluiche ag Wimbledon a chailliúint, chuir sé deireadh lena ghairm sa leadóg agus bhog sé go Londain artóir stádas na n-uaslathaithe.

Phós Goold Marie Giraudin, agus bhog an bheirt acu go Ceanada agus ansin  go Monte Carlo, áit ar cheap Goold go mbuafadh sé luach mór agus é ag déanamh cearrbhachais.

Tháinig athrú nimhneach ar shaol an lánúin in 1908 nuair ar mharaigh siad  Emma Liven chun a seodra costasach a ghoideadh.

Ceapadh an bheirt acu ciontach as an dúnmharú nuair ar aimsíodh corp Liven agus é gearrtha i i málaí Vere agus Marie ar thraein agus iad ag iarradh éalú ó Monte Carlo. 

Léirithe ag Shane Tobin de chuid Square One Productions agus stiúrtha ag Cathal Watters, deir Tobin gurb é Vere Goold duine de na haclaithe  is suimiúla le bheith tógtha in Éirinn. Ó shaibhreachas a óige go forléasadh ar Oileán na nDiabhal, ba é an t-aon iomaitheoir Wimbledon riamh le bheith ceaptha mar dhúnmharfóir..

Craolfar “Dhá Chúirt” ag 21.30 Dé Céadaoin na seachtaine seo, 12 Meitheamh 2013.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Céard is #Gtuít ann? Tá na freagraí ag Gaelport.com!

Féile Ealaíona agus Cultúrtha na Seanbheairice

As na Nuachtáin: Seachtain na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>