Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tá sé déanta ag Coláiste Lurgan arís

$
0
0

Tá iomrá bainte amach ag foireann Choláiste Lurgan le cúpla bliain anuas ó thaobh ceol nua-aimseartha de, agus tá sé déanta acu arís leis an aistriúchán is nuaí, den amhrán ‘Get Lucky’ le Daft Punk.

D’ardaigh líon na mbraithnaitheoirí go dtí deich míle laistigh de 24 uair a’chloig ó rinneadh uaslódáil ar an bhfíseán ar Youtube agus clúdaíodh an scéal sna meáin, ar leithéidí TheJournal.ie agus Joe.ie ó shin.

'An t-Ádh 'Nocht' an t-ainm atá ar an amhrán ar chainéal Youtube TGLurgan. “Leagan breá d'amhrán ‘Get Lucky’ le Daift Ponc (Daft Punk) á chanadh ag Ian Mac Gabhann agus Megan Ní Dhonncha” atá i gceist. Tá an físeán le feiceáil anseo:

Bhí áthas ar Megan Ní Dhonnachú, duine de scríbhneoirí 'An tÁdh 'Nocht', faoin éileamh atá faighte ag an amhrán: "Tá an bheirt againn an-sásta leis an aird a fhuair an t-amhrán. Rinne na scoláirí an-iarracht an físeán a dhéanamh maidir le damhsa srl. agus mar gheall ar sin chuir siadsan go mór leis. Mhothaíomar thar cionn nuair a chonaic muid cé chomh tógtha a raibh daoine agus na stáisiúin raidió leis an amhrán. Ceapaimid gur maith an rud é na scoláirí a fheiceáil ag baint taitneamh as ceol nua-aimseartha trí Ghaeilge agus gur áis iontach é cainéal TG Lurgan ar YouTube mar chuireann sé leaganacha Gaeilge d'amhráin Béarla cosúil le seo ar fáil do chách."

Tá cáil bainte amach ag Coláiste Lurgan, atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara, le cúpla bliain anuas mar choláiste samhraidh nua-aimseartha. Bíonn tionscadail éagsúla ar bun i ngach cúrsa le comhoibriú leanúnach idir an fhoireann agus na scoláirí.

Bhain Coláiste Lurgan clú agus cáil amach anuraidh leis an leagan Gaeilge den amhrán ‘Some Nights’, le FUN, a casadh ar stáisiúin raidió náisúnta timpeall na tíre. As an obair seo uilig, tá an banna ‘Seo Linn’ tar éis teacht ar an bhfód agus tá éileamh mór orthu i saol na Gaeilge go dtí seo.

Is féidir breathnú ar na tionscadail atá curtha i gcrích ag Coláiste Lurgan go dtí seo ar www.youtube.com/tglurgan; agus tá tuilleadh eolais ar an gcoláiste ar fáil ag www.lurgan.biz.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Meitheamh 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dianchúrsaí Gaeilge le hAcadamh na hOllscolaíochta

Físeáin agus Feachtas Gaeilge nua ag an CLG

Bain cáilíocht sa Ghaeilge amach ag tosú i mí Mheán Fómhair

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>