Ón bhliain 1957 i leith, tá dámhachtainí den chineál seo bronnta ag Rialtas na hÉireann agus ag Rialtas Mheiriceá chun deiseanna a thabhairt do lucht léinn agus do ghairmithe na hÉireann chun dul i mbun staidéir, i mbun teagaisc, nó i mbun taighde sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí is fearr i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
I measc siúd atá dámhachtain gnóthaithe acu i mbliana tá ochtar Éireannach a thabharfaidh aghaidh ar Mheiriceá go luath, chun tabhairt faoin nGaeilge a theagasc do mhic léinn tríú leibhéal. Orthu siúd tá:
Síobhra Aiken: Céimí de chuid Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath í Síobhra, áit ar bhain sí BA sa Léann Eorpach amach. Beidh Síobhra ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Elms, Massachusetts.
Maeve Clancy: Múinteoir Iar-bhunscoile í Maeve i gColáiste Naomh Aindriú i mBaile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, agus is céimí í de chuid Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Beidh Maeve ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Naomh Tomás, Minnesota.
Síle Concannon: Iarchéimí de chuid Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach í Síle a bheidh ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Montana.
Ciarán Ó Braonáin: Teagascóir sa Ghaeilge é Ciarán, i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath áit ar bhain sé féin MA i Stair na hÉireann amach mar aon le MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge. Rachaidh Ciarán i mbun teagaisc in Ollscoil Villanova.
Caoimhghín Ó Caoláin: Tá Caoimhghín ar tí a Mháistreacht a chríochnú ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, áit ar bhain sé Céim Dlí amach. Is in Ollscoil Notre Dame a bheidh Caoimhghín i mbun teagaisc.
Jonathan O’Neill: Ábhar dochtúireachta ag Ollscoil Náisiúnta na hAstráile é Jonathan, agus feidhmeoidh sé mar chúntóir teanga ag Ollscoil Drew, agus Ollscoil Nua-Eabhrac.
Garret Sweeney: Tá Máistreacht i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge bainte amach ag Garret le deireanaí ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, agus tabharfaidh sé faoina ról nua go luath mar chúntóir teanga ag Ollscoil Connecticut.
Mr. Naoise Waldron: Iarchéimí sa Nua Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, is ar Ollscoil Montana a bheidh Naoise ag triail chun an Ghaeilge a mhúineadh.
Anuas ar na dámhachtainí a bhronntar ar chúntóirí teanga, is iomaí cineál dámhachtana eile a bronnadh ag an searmanas ar bord MS The World inniu.
Ainmníodh an Dr Louis De Paor, Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar Scoláire Gaeilge Fulbright 2013 agus rachaidh sé i mbun oibre ar dhíolaim d’fhilíocht Éireannach na fichiú haoise ag Ollscoil Nua-Eabhrac agus ag Ollscoil California, Berkeley.
©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Iúil 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Fáinne le bronnadh ar Dhámhachtainí Gaeltachta de chuid Choimisiún Fulbright
Nasc gnó Gaelach idir Éirinn agus Albain
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge