Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Trí Ghaelscoil Nua Oscailte

$
0
0

Osclófar na doirse ar trí Ghaelscoil nua maidin inniu, agus iad go léir faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta.  

In earrach na bliana 2012, d’aithin an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-éileamh ar ghaeloideachas i gceantair ar leith agus fógraíodh go n-osclófaí Gaelscoil faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta iontu. 
 
Tosóidh an trí scoil, Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise, Gaelscoil Shliabh Rua sa Chéim agus Gaelscoil Mhic Aodha i mBaile Chill Dara amach le rang do naíonáin bheaga amháin i mbliana agus tá súil go dtiocfaidh fás agus forbairt ar na Gaelscoileanna nua seo go tapa.
 
 “Léiríonn bunú na scoileanna nua seo an t-éileamh atá ar scoileanna lán-Ghaeilge atá Ilchreidmheach agus ilchultúrtha,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta.   “Cuireann sé ríméad ar an bhForas Pátrúnachta a bheith in ann freastal ar na tuismitheoirí agus ar na daltaí seo trí scoileanna agus oideachas den scoth a sholáthar. Cinntíonn scoileanna an Fhorais fás, forbairt agus leathnú na teanga ní hamháin i measc dhaltaí agus phobal na scoile ach i measc phobal iomlán an cheantair.”
 
Tá Fionnuala Ní Riain, príomhoide ar Ghaelscoil na Giúise, ag súil le ré nua Ghaeilge a chothú i dTeach na Giúise. 

Dar le Conchur Ó Raghallaigh, príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua, tá an tsuim sa Ghaeilge agus sa chultúr sa Chéim ag méadú.  “Is é Gaelscoil Shliabh Rua an dara Gaelscoil i mBaile Átha Cliath 18,” a dúirt sé.  “Táim ag súil le bheith ag obair le Gaelscoil Thaobh na Coille chun an grá don teanga atá sa cheantar seo a fhorbairt tuilleadh” a deir Conchur.  
 
Tá Norma Ní Chonchúir, príomhoide Ghaelscoil Mhic Aodha, an-bhródúil as an éacht atá bainte amach ag pobal na scoile i mBaile Chill Dara cheana féin. Deir Norma; “Tá tuismitheoirí na scoile tar éis an-tacaíocht a thabhairt dom. Tá éide scoile álainn socraithe acu agus suaitheantas na scoile deartha acu. Táimid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn”. 

©Foilsithe ar Gaelport.com 29 Lúnasa 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Pupils march their way to new school

FNT ar thóir rannpháirtithe chun Maratón a Rith

€742,438 ceadaithe don Scéim Cúntóirí Teanga don bhliain 2013/2014

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>