Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gairm ar Iarratais do Ghradaim Fulbright

$
0
0

Fograíodh an tseachtain seo gurb é 13 Samhain 2013 an spriocdháta i mbliana d’iarratais do Ghradaim Fulbright 2014-2015. 

Cuirtear deontais ar fáil gach bliain trí chlár dhámhachtainí Fulbright le deis a thabhairt do mhic léinn, múinteoirí, taighdeoirí agus daoine gairmiúla tréimhse a chaitheamh ag staidéar agus ag obair in institiúidí acadúla sna Stáit Aontaithe.

Tá an-éileamh ar acmhainní Gaeilge sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar roghnaithe i mbeagnach 60 scoil, agus tugtar deis do chéimithe le Gaeilge freastal ar an éileamh seo trí thréimhse a chaitheamh ann mar thaighdeoirí, mar léachtóirí agus mar chúntóirí Gaeilge.

Cuireadh leis na gradaim i mbliana leis na Gradaim InFact, Gradaim Nuálacha Fulbright sa Teicneolaíocht Cumarsáide. Ar mhic léinn agus ar scoláirí atá i mbun fiosrúcháin ar chumhacht bhunathraithe na teicneolaíochta cumarsáide sa tírdhreach nua digiteach atá na gradaim seo dírithe.

Mar aon leis na gradaim nua, tá dámhachtainí á dtairiscint ag Fulbright do thrí ghrúpa éagsúla:

Gradam Fulbright do Mhic Léinn Éireannacha: Deontais do shaoránaigh de chuid na hÉireann nó an AE atá ina gcónaí in Éirinn ar feadh trí bliana nó níos mó chun taighde iarchéime nó staidéar a chur i gcrích thar bhliain amháin sna Stáit Aontaithe.

Gradam Fulbright do Scoláirí Éireannacha: Deontais do shaoránaigh de chuid na hÉireann nó an AE atá ina gcónaí in Éirinn ar feadh trí bliana nó níos mó chun taighde iardhochtúireachta nó taighde gairmiúil nó léachtóireacht a chur i gcrích thar bhliain amháin sna Stáit Aontaithe.

Gradaim Fulbright um Chúntóireachtaí Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta (FLTA): Deontais do shaoránaigh de chuid na hÉireann nó an AE atá ina gcónaí in Éirinn ar feadh trí bliana nó níos mó chun Gaeilge a mhúineadh agus chun cúrsaí a dhéanamh i gcoláiste i SAM thar thréimhse deich mí sna Stáit Aontaithe.

Agus í ag labhairt ag seoladh na ngradam, dúirt an tUasal Colleen Dube, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Choimisiúin Fulbright na hÉireann, “Gach bliain cuireann Coimisiún Fulbright na mic léinn agus na gairmithe is fearr in Éirinn chuig SAM chun a scileanna a fheabhsú agus chun a n ionchais a leathnú. Molaim do gach iarratasóir a bhfuil spéis acu i dtaithí nua a roinnt agus i dteorainneacha cultúrtha a thrasnú cur isteach ar thréimhse mar ‛Fulbrighteoir’ agus seal a chaitheamh sna Stáit Aontaithe”.

San fhíseán seo, feicfidh tú daoine ar bronnadh dámhachtainí Fulbright orthu roimhe seo agus iad ag déanamh cur síos ar an bpróiseas iarratais.

Foinse; www.fulbright.ie

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar www.fulbright.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Lúnasa 2013

B’fhéidir go mbeadh suim agat sna scéalta a leanas:
Agallamh le Gaeilgeoir Meiriceánach: Caitlín Myron
An Ghaeilge á cur chun cinn thar sáile
Ochtar Teagascóirí Gaeilge le haghaidh a thabhairt ar SAM


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>