Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Forbairtí ar na seirbhísí digiteacha ó Gaelport.com

$
0
0

Cuireann Gaelport.com seirbhísí eolais agus nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar sáile ar bhealaí éagsúla. Foilsitear ábhar ilmheáin idir scéalta nuachta úra, grianghraif agus físeáin ar an suíomh gréasáin gach aon lá.

An tseachtain seo, tá leagan píolótach de sheirbhís nua á sheoladh againn agus muid ag déanamh tástálacha ar an gcóras nua.  Ba bhreá linn aon aiseolas ónár léitheoirí.

Mar chuid den tseirbhís nua a bheidh á sheoladh go hoifigiúil againn ag an gComórtas Treabhadóireachta beidh ceithre nuachtlitir éagsúil chun tú a chur ar an eolas maidir leis na scéalta is mó ó phríomhshuíomh eolais na Gaeilge.

I measc na ríomhirisí sa tsraith nua beidh:

As Na Nuachtáin: Achoimre laethúil ar na scéalta is mó a bhaineann leis an nGaeilge atá foilsithe sna meáin chlóite náisiúnta agus áitiúla.

7 na Seachtaine: Rogha den seacht scéal is mó ó Gaelport.com a sheolfar chugat gach Máirt.

An Saol Gairmiúil:  Uair sa tseachtain a bheidh an ríomhiris seo le fáil ó thús mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh, agus beidh cur síos ann ar dheiseanna fostaíochta agus cúrsaí oiliúna reatha.

An Líonra Sóisialta: Ríomhiris rialta a bheidh anseo a dhéanann cur síos ar na himeachtaí  is mó ina mbíonn fáilte curtha roimh an Ghaeilge ina measc féilte, éigsí, drámaí, coirmeacha ceoil agus seimineáir agus comhdhálacha.

Beidh athruithe le feiceáil ar Gaelport.com as seo go deireadh na míosa, agus iarraimid oraibh a bheith foighneach linn le linn na tréimhse seo, agus aon aiseolas, bíodh sé dearfach nó diúltach, a chur chugainn ag eolas@gaelport.com.  Ón tseachtain seo chugainn, beifear in ann clárú go héasca do na ríomhirisí nua ar phríomhleathanach an tsuímh ach má theastaíonn uait clárú roimhe sin, ní gá ach rphost a sheoladh chugainn chun sin a chur in iúl.

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeadh spéis agat sna scéalta a leanas: 
Bí ann ag craobh An Jig Gig 2013
Comhdháil ar Litríocht na nÓg
Sainmheon teanga na gaelscolaíochta slán faoin dréacht-Bhille oideachais 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>