Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Súil siar ar Thuras na bhFilí 2013

$
0
0

Cuir síos agus albam na ngrianghraf ó Thuras 2013.

An tseachtain seo caite ba ar gharbhchríocha na hAlban a thug filí agus ceoltóirí Éireannacha a n-aghaidh chun páirt a ghlacadh sa mhalartú cultúrtha is faide bunaithe idir Éire agus Albain.  I measc na nÉireannach bhí na filí Proinsias Mac a’Bhaird, agus Ceaití Ní Bheildiúin mar aon leis an amhránaí cumasach Eithne Ní Chatháin, agus an píobaire iomráiteach Pádraic Keane.

Is scéim Cheilteach sheanbhunaithe é Turas na bhFilí atá ar an bhfód ó thús na seachtóidí.  Déanann an Turas ceiliúradh ar ár dteangacha ceilteacha agus tugann sé deis do mhuintir na Gaeilge agus na Gàidhlige siúil eile a chaitheamh ar na cosúlachtaí atá idir an dá chultúr agus blaiseadh a fháil ar theanga cheilteach eile, agus ar fhilíocht, ceol, agus amhránaíocht ón dá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile.

Chuig Aerfort Obar Dheathain a d’eitil an grúpa Dé Luain seo caite agus cuireadh tús oifigiúil leis an Turas leis an gcéad ócáid siamsaíochta ar an Luan in Amharclann Chúirt Éidin in Inbhir Nis.  I dteannta na nÉireannach ar an oíche bhí an píobaire óg Albanach, Conall Mac Ille Chiar. 

As sin, rinne an grúpa an turas trasna chomh fada le hoileán Bheinn an Fhaoghla d’ócáid siamsaíochta in éineacht leis an amhránaí Gàidhlig, Niall Cambeul, fear óg a bhain duaiseanna amach ag  Mòd Náisiúnta  Ríoga.  I lár na seachtaine thug na hÉireannaigh cuairt ar Oileán Ratharsair ina aice leis an Oileán Sgìtheanach áit a raibh oíche den scoth d’fhilíocht, de cheol agus d’amhráin.  Thug an scéalaí áitiúil Cailean MacGilleathain cur síos spéisiúil don lucht féachana ar na naisc láidir idir an ceantar sin agus muintir na hÉireann.

Bhain an lucht éisteachta in Ionad Chlann Dòmhnaill i Slèite ar an Oileán Sgìtheanach an-taitneamh as an oíche mhór chultúrtha ar an Déardaoin agus ba in Inbhir Pheofharain atá beagnach cúig míle déag ó thuaidh ó Inbhir Nis a cuireadh críoch le Turas na bhFilí na bliana seo le hoíche aoibhinn d’fhilíocht, ceol na bpíb, agus portaireacht béil leis an amhránaí, píobaire agus an scéalaí cumasach Rona Lightfoot a rugadh ar Oileán Uibhist a Deas.  Ina cuideachta ar an oíche bhí an scríbhneoir agus an seanchaí Dòmhnaill S. Moireach ón Oileán Leòdhais ó dhúchas.

Thug na hócáidí siamsaíochta seo blaiseadh don phobal de cheol, d’fhilíocht agus d’amhránaíocht an dá thraidisiúin agus tá súil ag lucht eagraithe an Turais go mbeidh beirt fhile, ceoltóir agus amhránaí Gàidhlig ag teacht go hiarthar Chiarraí i mí Aibreáin na bliana seo chugainn chun an nasc seo a threisiú níos mó sna blianta ata amach romhainn.

Tá tuilleadh eolais faoi stair Thuras na bhFilí mar aon le himeachtaí na bliana seo ar fáil ag www.gaelport.com/turasnabhfili.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Meán Fómhair 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Os cionn milliún amharc ag Avicii Vs Lurgan

Clár spreagúil do dhaoine óga fógartha ag Gael Linn

Pobal na Gaeilge i lár an Aonaigh

Lean an scéals seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>