Gaisce ollmhór eile déanta ag ceannródaithe TG Lurgan.
Bhailigh na céadta Gaeilgeoirí óga i nDomhnach Broc ar an Aoine seo caite áit ar thug laochra Choláiste Lurgan cuairt ar Ryan Tubridy agus foireann an Late Late Show.
Bhí an stiúideo lán go béal le scoláirí Choláiste Lurgan nuair a rinneadh súile uile na tíre a tharraingt ar éachtaí an choláiste samhraidh le taispeántas den scoth ón ngrúpa Seo Linn, agus tacadóirí Lurgan, den leagan Gaeilge den amhrán Wake Me Up le Avicii.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana go bhfuil TG Lurgan, cainéal YouTube an choláiste, ag dul i neart le gach físeán úr a eisítear agus is cosúil nach bhfuil deireadh go deo le rath na scoláirí Gaeltachta agus os cionn 2 mhilliún amharc faighte ag Avicii V Lurgan ar YouTube.
Tá cáil bainte amach ag Coláiste Lurgan, atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara, le cúpla bliain anuas mar choláiste samhraidh nua-aimseartha ina mbíonn tionscadail éagsúla ar bun i ngach cúrsa le comhoibriú leanúnach idir an fhoireann agus na scoláirí.
Thíos faoi seo, gheofar físeán de thaispeántas Seo Linn agus iad beo ar an Late Late Show.
Is féidir na tionscadail eile de chuid Choláiste Lurgan a fheiceáil ag www.youtube.com/tglurgan.
©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Os cionn milliún amharc ag Avicii Vs Lurgan
Clár spreagúil do dhaoine óga fógartha ag Gael Linn
Pobal na Gaeilge i lár an Aonaigh
Lean an scéals seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge