Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., inniu go bhfuil Coiste Logainmneacha ainmnithe aige. Deichniúr ball a bheidh páirteach ar an gcoiste seo, agus iad ag feidhmiú go pro bono dála an scéil, ar feadh tréimhse trí bliana, in áit an Choimisiúin Logainmneacha a bhíodh ann roimhe seo.
Faoi réir chinneadh an Rialtais faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh an Coimisiún Logainmneacha a scor agus coiste a d’fheidhmeodh ar bhonn pro bono agus go príomha ar líne a cheapadh ina áit.
Is é an príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Stáit maidir le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainmneacha. Cé gur trí chóras ar líne go príomha a dhéanfaidh an coiste a chuid oibre, tionólfar cruinnithe ó thráth go chéile chun saincheisteanna a phlé.
Ag fógairt an Choiste dúirt an tAire Stáit, “Is cuid an-uathúil dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre agus tá sé tábhachtach go ndéanfaidh muid iad a chaomhnú. Tá sé an-tábhachtach fosta, ar ndóigh, go mbeidh leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha ar fáil chun críocha oifigiúla an Stáit.”
Ar dhuine de bhaill an Choiste tá iarUachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Liam Mac Mathúna. Thíos faoi seo gheofar liosta iomlán de bhaill a Choiste:
• An tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollamh le Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (Cathaoirleach).
• An tOllamh Micheál Ó Mainnín, Stiúrthóir, Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Ollamh le Gaeilge agus don Léann Ceilteach, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
• Dr. Siobhán Ní Laoire, Léachtóir le Gaeilge agus le Léann Éireannach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT).
• Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín, Léachtóir Sinsearach/Stiúrthóir Tionscadal Taighde, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
• Dr. Éamonn Ó hÓgáin, ar scor ón Institiúid Ard-Léinn, Baile Átha Cliath.
• Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn, Baile Átha Cliath.
• An tOllamh Liam Mac Mathúna, Iar-Cheann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).
• Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Teanga agus Cultúir, Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall.
• Dr. Úna Uí Bheirn, Iar-Stiúrthóir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, An Charraig, Co. Dhún na nGall.
• Breanndán Ó Beaglaoich, múinteoir agus ceoltóir, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí.
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt a leanas:
Béalscrúdú don TS níos coitianta in 2013
Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta ag lorg tuairimí maidir lena beartas Gaeilge
Todhchaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbaol