Ar Dé hAoine seo caite, ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha ceadaíodh tionscnaimh ar leith a chruthóidh 158 post nua lánaimseartha nuair a bheidh siad faoi lánseol.
Déanfar infheistíocht de €10M sna tionscnaimh seo, a thiocfaidh ón Údarás féin agus óna chliantchuideachtaí.
Ag an gcruinniú boird céanna, d’fháiltigh Bord an Údaráis roimh fhógra a rinne Aire Stáit na Gaeltachta níos luaithe an tseachtain seo caite go bhfuil na Rialacháin sínithe aige chun na critéir pleanála teanga a fhorordú faoi Acht na Gaeltacht, 2012. Is céim eile í seo i dtreo iomlánú an phróisis chun tús a chur le fógairt na Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge.
Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag obair i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge chun an chéad chéim eile den phróiseas a ullmhú agus go mbeidh seo á fhógairt faoi cheann míosa.
Tuairiscíodh freisin ag an gcruinniú go bhfuil tús curtha le Dioplóma i mBuanú agus i bPleanáil Teanga agus go bhfuil breis agus leathchéad duine cláraithe don chúrsa seo atá á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.
© Foilsithe ar Gaelport.com 23 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt a leanas: