Amárach an breithlá oifigiúil ag Raidió na Life agus iad ag ceiliúradh 20 bliain ón gcéad chraoladh beo ar aer, agus cén áit is fearr chun sin a dhéanamh ach ar an Life féin!
Cuireadh tús leis an gceiliúradh inné, le comhchraoladh beo idir Raidió na Life agus RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a craoladh an clár ‘Cormac@5” de chuid Raidió na Gaeltachta beo ó stiúideo Raidió na Life aréir idir 5-6pm.
Agus an clár le cloisteáil beo ag an am céanna ar an dá stáisiún, tháinig sé chun solais ní hamháin gur chuir láithreoir an chláir, Cormac Ó hEadhra, tús lena ghairm iriseoireachta agus é ag craoladh ar Raidió na Life, ach go deimhin is ann a thosaigh Léiritheoir an chláir, agus Léiritheoir Sraithe an chláir amach freisin, Cearbhall Ó Síocháin agus Fachtna Ó Drisceoil.
Leanfar leis an gceiliúradh i Raidió na Life, amárach 25ú Meán Fómhair, cothrom an lae gur thosaigh an stáisiún ag craoladh ar fud mhórcheantar Átha Cliath i 1993, nuair a thabharfaidh an stáisiún faoi chraoladh seachtrach ar abhann na Life le ‘Raidió na Life ar an Life’, clár ceiliúrtha a mbreithlae, a bheidh le cloisteáil idir a 6 agus a 7 i.n. ó bhád an MV Cill Áirne ag Cé an Phoirt Thuaidh ar an abhann a thugann a ainm Dubh Linneach don stáisiún.
Mar chuid eile den cheiliúradh, cuirfear tús le sraith nua ar an stáisiún leis an gcéad chlár de ‘20 Bliain’, sraith d’agallaimh le daoine móra le rá i saol poiblí na hÉireann le fócas ar leith ar an méid i thit amach i saol an duine sin idir 1993 - 2013, an tréimhse chéanna go bhfuil Raidió na Life ar aer. Beidh an clár le cloisteáil gach Céadaoin ón 12-1i.n. Le linn na sraithe, beidh réimse leathan d’aíonna le cloisteáil, idir aisteoirí, polaiteoirí, craoltóirí aitheanta agus ceoltóirí agus tosóidh clár an lae amárach leis an bhfuirseoir Dara Ó Briain á chur faoi agallamh ag Cian Mac Cárthaigh.
Reáchtálfar oíche mhór cheiliúrtha Dé hAoine, 27 Meán Fómhair, do chairde an stáisiúin i dteach tábhairne The Gingerman ar Shráid na bhFíníní, atá díreach taobh thiar de stiúideonna an stáisiúin ar Chearnóg Mhuirfean agus áit ar caitheadh mórán d’oícheanta shóisialta Raidió na Life le scór bliain anuas.
Níos túisce i mbliana, bronnadh gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ar Raidió na Life ag Gradaim na Meán Ceilteach ag searmanas in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige, an chéad uair i stair 34 bliain na féile gur thug stáisiún raidió pobail an duais mhór raidió leo, agus léiriú ar láidreacht na seirbhíse atá á soláthar ag an stáisiún le scór bliain anuas.
© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt a leanas:
Féile Litríochta IMRAM 2013
Deireadh Seachtaine Cultúrtha i Ráth Chairn Ghlas na Mí
158 Post Nua don Ghaeltacht