Ba inniu a chuireadh tús leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus bhí ‘Pobal na Gaeilge’ i lár an aonaigh.
I measc na ngrúpaí Gaeilge sin a bheidh i láthair san ollphuball Gaelach as seo go deireadh na seachtaine beidh: An Spailpín Fánach, Coláiste Uisce, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS), Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Gael Linn, Ógras, Oideas Gael, Oireachtas na Gaeilge, agus TG4. Is iad Údarás na Gaeltachta agus Glór na nGael a rinne an tionscadal seo a chomhordú i gcomhar leis na heagrais Ghaeilge eile.
Feictear thíos roinnt pictiúr ó imeachtaí an lae inniu, idir seoltaí, amhránaíocht, ceol agus go leor eile.
Má tá Gaeilge ar do thoil agat, nó mura bhfuil agat ach cúpla focal cuirfear céad míle fáilte roimh chuairteoirí chuig ‘Pobal na Gaeilge’ a bheidh lonnaithe ag Bloc 4, Sraith S, 309.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na himeachtaí, siamsaíocht agus comórtais ar fad lean ‘Pobal na Gaeilge’ ar facebook: www.facebook.com/pobal.nagaeilge nó ar Twitter @PobalnaG.
© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Meán Fómhair 2013
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt a leanas:
Féile Litríochta IMRAM 2013
Deireadh Seachtaine Cultúrtha i Ráth Chairn Ghlas na Mí
158 Post Nua don Ghaeltacht