Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin

$
0
0

Beidh Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ar siúl i gCúil Aodh agus i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí idir 29 Samhain agus 1 Nollaig 2013.

Rugadh Diarmuid Ó Súilleabháin i gCúil Aodha le linn an tsneachta mhóir i 1947, agus tógadh é i dteaghlach ina raibh ceol agus amhránaíocht le cloisteáil aige on gcliabhán. Chan sé na hamhráin mhóra ó Mhúscraí, sa stíl faoi leith a thug sé leis ó na glúin a d’imigh roimhe. Gach bliain déantar ceiliúradh ar shaothar agus ar shaol an amhránaithe le linn deireadh seachtaine iontach ag deireadh mhí na Samhna.

Bhuaigh Diarmuid Ó Súilleabháin an chéad duais sa chomórtas sean-nóis ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa bhliain 1974, agus glactar leis go forleathan go raibh sé ar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis ab fhearr sa tír. Gach bliain, tugtar deis do lucht na hÉigse feabhas a chuir ar a gcuid scileanna sean-nóis agus ceoil ag ceardlanna na féile agus, mar is ghnáth, leagann clár na bliana seo an-bhéim go deo ar fhorbairt na ceirde.

I mbun ceardlainne ag Éigse na bliana seo ar an Satharn beidh scoth na gceoltóirí ina measc beidh an boscadóir Dermot Byrne, Gary Hastings ar an bhfeadóg mhór, Caitlín Nic Gabhann ar an consairtín, Ciarán Ó Maonaigh ar an bhfidil, Angelina Carberry ar an mbainseó agus John Murphy ar an orgán béil.

Anuas air sin beidh an ceoltóir aitheanta Steve Cooney ag múineadh scileanna an ghiotáir, beidh Jimmy Crowley ag múineadh bailéid Béarla agus beidh Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin agus Marian Ní Chonghaile ag múineadh rince agus amhránaíocht ar an sean-nós. Beidh na ceoltóirí páirteach i gceolchoirm na hÉigse a bheidh ar siúl oíche Shathairn.

Tóg na bróga tairní anus áiléar agus cuir snas ar do chuid damhsa i gcomhar an Éigse damhsa is mó sa bhliain. Dóibh siúd ar mhian leo tabhairt faoi cheardlann dean cinnte go mbeidh d’áit curtha in áirithe agat roimh ré.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.eigse.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cuireadh do scríbhneoirí próis

Gearrliosta Ghlór na nGael 2013 fógartha

As na Nuachtáin: Islanders relive day they left their home

Lean an scéal agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>