Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Sean-nós ‘s siamsaíocht ag seisiúin na bPíobairí Uilleann

$
0
0

Mar chuid den sraith de sheisiúin mhíosúla a bhíonn arna eagrú ag Na Píobairí Uilleann san Ardchathair beidh oíche mhór amhránaíochta agus cheoil i dteach Tábhairne an Cobblestone i gceartlár Bhaile Átha Cliath ar an Máirt, 3 Nollaig 2013.

Beidh na píobairí aitheanta Aaron O’ Hagan agus Conor Lamb ag dul ar stáitse agus ina dteannta beidh na fliúiteadóirí Dave Sheridan agus Seán Gilraine, agus an t-amhránaí sean-nóis as ceantar Iorras Aithneach i gConamara Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha.
 
Chuir Aaron O’Hagan an-spéis sa cheol traidisiúnta agus é ina ghasúr agus thosaigh sé ag foghlaim na feadóga óna sheanathair ag aois an-óg. Ba mhór an tionchar a bhí ag a chuid teagascóirí, Brendan Mulholland agus Patrick O'Hare, ar a chuid ceoil.  Is minic a bhíonn sé ar stáitse ar fud an domhain le Craobh Rua agus leis an ngrúpa Réalta.
 
D’fhoghlaim Conor Lamb ceird na bpíb uilleann ó na píobairí Robbie Hannon agus Tom Clark. Mar aon le Aaron bíonn Conor ag seinm ar fud an domhain leis na bannaí Craobh Rua agus Réalta. 
 
I measc na n-aíonna speisialta eile a bheidh i láthair beidh an t-amhránaí sean-nóis Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha as Leitir Aird i gceantar Charna.   Bhain Johnny Corn Uí Riada amach sa bhliain 1985 nuair a bhí an t-Oireachtas ar siúl i gCorcaigh.  Bhí an-tionchar ag an amhránaí Joe Éinniú air.
 
Tá clú agus cáil ar Johnny mar amhránaí sean-nóis den scoth agus is minic a bhíonn sé le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ag féilte timpeall na tíre ag canadh a leagan iontacha d’amhráin ar nós Contae Mhuigheo, Bríd Thomáis Mhurchadha, Sadhbh Ní Bhruinnealla agus Ócam an Phríosúin.
 
Is as Baile na gCléireach i dtuaisceart Chontae Liatroma don fhliúiteadóir cumasach Seán Gilrane. Sheinm Séan i gcuideachta laochra móra an cheoil amhail Matt Molloy agus Seamús Tansey.
 
Tá clú agus cáil ar an gceoltóir Dave Sheridan le blianta anuas. Tá dhá dhiosca den scoth eisithe aige, "Sheridans Guesthouse" agus "Drivin' Leitrim Timber", ag a bhfuil clú domhanda baint amach acu. Rinne sé taifead le grúpaí ar nós Lúnasa, Dervish, At The Racket, Téada agus Dé Danann.
 
Cuirfear tús leis an oíche mhór ceoil seo ag 9:30 i dTeach Tábhairne An Cobblestone, 77 Sráid an Rí Thuaidh, Baile Átha Cliath 7.  Osclóidh na doirse ag 9:00 i.n.  Cead isteach: €12.00 /  €8.00
 
Tá gach eolas maidir le seisiúin agus imeachtaí Na Píobairí Uilleann ar fáil ar: www.pipers.ie

©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin

Scéal Ghael-Linn

Féile Leabhar na Nollag le forbairt

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>