Tá séasúr an cheiliúrtha ag bogadh linn agus ní gearr uainn anois go mbeidh neart imeachtaí éagsúla ar siúl chun an Nollaig a cheiliúradh. Beidh Daidí na Nollag an-ghnóthach agus é ag taisteal ar fud fad na tíre sa cúpla seachtain atá amach romhainn.
Ar an Aoine, 29 Samhain 2013, lasfar soilse Nollaig na Ceathrún Gaeltachta ag a mbeidh carúil na Nollag á gceol ag Cór Loch Lao & cairde. Cuirfear tús leis an ócáid seo ag 4.30 om taobh amuigh de Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bóthár na Bhfál agus beidh Daidí na Nollag in aice láimhe chomh maith leis na ‘Minions’ agus aíonna speisialta eile ina measc Ard-Mhéara Bhéal Feirste Máirtín Ó Muilleoir. Mar a tharlaíonn sé beidh Daidí na Nollag ag filleadh arís ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 14 & 15 Nollaig ó 1.00pm - 3.00pm agus tá fáilte roimh ghasúir atá 10 mbliana d'aois, nó faoina bhun sin, teacht ar cuairt chuige ar an lá sin.
Cuirfear tús le Sladmhargadh Nollaig Chló Iar-Chonnacht ar an 29 Samhain agus mairfidh sé go dtí an 23 Nollaig. Tá míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig Cló Iar-Chonnacht atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Shailearna in Indreabhán, Co. na Gaillimhe nó dul chuig www.cic.ie chun lascaine 50% a fháil ar gach táirge atá foilsithe acu féin agus suas le 25% ar gach táirge eile a dhíolann siad.
Ar gCéadaoin 04 Nollaig, déanfar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy na bliana seo a sheoladh go hoifigiúil ar chlár Rónán Beo a bheidh á chraoladh ag 3.00pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Thigh Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair.
Tá lúcháir ar Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne i gCorcaigh go mbeidh an fhonnadóra aitheanta as Gaillimh Seán Keane ag dul ar stáitse do cheolchoirm traidisiúnta na Nollag ar an Déardaoin, 5 Nollaig. Ina chuideachta don cheolchoirm speisialta seo beidh Pat Coyne agus Fearghus Feely. Is féidir ticéid a chur in áirithe ach dul i dteagmháil leis an Ionad Cultúrtha ag 026 45733.
Tá Comhluadar Teo., atá lonnaithe ag uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ag eagrú lá iontach i gcuideachta Daidí na Nollag ó 11.00am-1.00pm ar an Satharn, 7 Nollaig agus tá an ócáid seo saor in aisce.
Ar an Máirt 10ú Nollaig beidh “Deoch na Nollag” de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar siúl i gCois Teallaigh ar Shráid Chill Dara. Beidh míle fáilte roimh chách chuig oíche spraíúil chun ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach san earnáil i rith na bliana.
Ag fánach le Sráid Chill Dara beidh seoladh leabhar arna eagrú ag COMHAR agus LeabhairCOMHAR ar an Luan, 16 Nollaig ag 6.00pm i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Seolfaidh an Iar-Aire rialtais Alan Dukes na leabhair nua-fhoilsithe, Nuair a Stadann an Ceol (An Dr. Marie Whelton), Foghlaimeoir Fásta An Guth Baineann (Áine Ní Ghlinn), Téad na Filíochta, Nílim ag iarraidh dul ar scoil (Áine Ní Ghlinn, téacs; Carol Betera; líniocht), An Saol Óg (Eoghan Ó hAnluain), Creidim fós agus aistí eile (Éilis Ní Anluain, eag.).
Ag filleadh ar Chúige Uladh beidh ‘Oíche Gheimhridh’ ar siúl ag 8.00pm ar an Satharn, 14 Nollaig. Sár oíche de cheol traidisiúnta a bheas ann i gcuideachta Lorcáin Mhic Mhathúna, People of Derry agus Gateway Choir in ionad The Glassworks, béal dorais do Chultúrlann Uí Chanáin ar Mhórshráid Shéamais i nDoire. Tá spás teoranta ach tá ticéid agus gach eolas ar fáil ar 02871264132 nó téigh chuig www.culturlann-doire.ie.
Níl anseo ach blaiseadh beag de na himeachtaí atá ag teacht chun cinn i gceann cúpla seachtain ach déan cinnte cuairt a thabhairt ar an bhféilire ar www.gaelport.com le liosta iomlán imeachtaí a fháil.
©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Sean-nós ‘s siamsaíocht ag seisiúin na bPíobairí Uilleann
Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge