Grúpa gníomhartha ag iarraidh ar Fhoras na Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar chinneadh an Bhoird
Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com ag tús na míosa seo, ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge a tionóladh le linn Oireachtas na Gaeilge, glacadh cinneadh deontas €1.2m a chur ar fáil i leith nuachtán Gaeilge úr a bheidh ar fáil ar líne go seachtainiúil.
Tá beartaithe gur nuachtán saor ó tháille, in-íoslódáilte a thiocfaidh in áit Gaelscéal, a cuireadh deireadh leis an gconradh ag tús na bliana seo de bharr chúrsaí díolacháin.
Fógraíodh ag tús mhí na Samhna go roghnófar táirgeoir an nuachtáin nua trí chomórtas oscailte poiblí a reáchtáil agus bronnfar an deontas €1.2m ar an iarratasóir rathúil thar thréimhse ceithre bliana.
Deir lucht an fheachtais nach bhfuil an cinneadh ag teacht leis na mianta a léiríodh sa suirbhé a rinne Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh níos luaithe i mbliana.
Cé gur mhaígh an Foras go n-eascraíonn cinneadh an Bhoird i leith nuachtán ar líne a bhunú as na fócas ghrúpaí agus na cruinnithe poiblí a reáchtáladh mar chuid den comhairliúchán, dar le Donncha Ó hÉallaithe, duine de bhunaitheoirí an fheachtais, níorbh ach 21% de fhreagróirí shuirbhé an Fhorais i bhfabhar ‘foilseachán nuachta leictreonach ar fáil ar líne amháin’.
"Creideann muide, le freastal i gceart ar phobal na Gaeilge agus leis uasmhéid léitheoirí a bhaint amach, go mba cheart an nuachtán seachtainiúil a bheith ar fáil mar nuachtán clóite, chomh maith le bheith ar fáil ar líne", a dúirt Ó hÉallaithe.
“Tá muid ag iarraidh anois ar Fhoras na Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a deineadh Lá Samhna agus an bealach a fhágaint oscailte le go bhféadfaí an nuachtán a chur amach i bhformáid leictreonach agus i bhfoirm chlóite, le go sroichfidh sé uasmhéid lucht léite na Gaeilge”, a dúirt sé.
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Foras na Gaeilge to fund new online newspaper
Nuachtán nua Gaeilge do scoláirí
As na Nuachtáin: An Ghaeilge: bás nó beatha?
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge