Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

20ú Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le seoladh ar RnaG

$
0
0

Beidh clár Rónán Beo @3 ag craoladh beo ó Tigh Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair ar 4 Nollaig áit a seolfar an Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy deireanach.

Glacfaidh ceoltóirí móra le rá a bhfuil baint acu leis an bhféile ar feadh na mblianta páirt sa seoladh a bheas á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus neart aíonna speisialta eile.

Bunaíodh an Scoil Gheimhridh sa bhliain 1994 in ómós Frankie Kennedy, an fliúiteadóir as Béal Feirste agus duine de bhunaitheoirí Altan. Tar éis 20 bliain ar an bhfód, reáchtálfar an fhéile dheireanach i mbliana ó 27 Nollaig – 1 Eanáir.  Mar chuid den fhéile, beidh imeachtaí ceoil den scoth ar siúl idir ranganna, léachtaí agus coirmeacha a thitfidh amach i gceantar Ghaoth Dobhair, mar a tharla gach bliain roimhe seo.

Le linn na seachtaine beidh ceolchoirmeacha speisialta le leithéidí Skara Brae, Seán McKeon, Liam O'Connor & John Blake, Nollaig Casey, Arty McGlynn, Máire Ní Chathasaigh & Chris Newman agus The Friels le Gearóid Ó Maonaigh.  Ar na ceoltóirí eile a bheidh páirteach sa scoil beidh Séamus Begley & Tim Edey, Mórga, Paddy Glackin & Dónal Lunny agus eile.

Oíche chinn bhliana, bronnfar Gradam Francie Mooney 2013 ar an móramhránaí Moya Brennan agus cuirfear fáilte roimh an athbhliain le céilí mór agus ceol ó Bhreandán Ó Beaglaoich agus Mórga.

Cuirfear clabhsúr le Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le The Final Adieu - coirm speisialta le hAltan & Fidil, ar 1 Eanáir 2014 in Ionad Cois Locha.

Gach eolas www.frankiekennedy.com

©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Samhain 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin

Ag ceiliúradh shéasúr na Nollag

Sean-nós ‘s siamsaíocht ag seisiúin na bPíobairí Uilleann

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>