Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéal Ghael-Linn le seoladh in Ard Mhacha

$
0
0

Chun clabhsúr a chur le bliain ceiliúrtha Gael Linn, seolfar Scéal Ghael-Linn in Ard Mhacha ar 11 Nollaig 2013.

Tá Gael Linn ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana agus tá stair na heagraíochta curtha le chéile chun éacht na heagraíochta a chomóradh.

Seoladh Scéal Gael Linn i mBaile Átha Cliath le déanaí, áit a mbailigh foireann reatha agus iar-bhaill foirne i dteannta le seanchairde na heagraíochta sa Cheoláras Náisiúnta, agus tá i gceist anois ceiliúradh a dhéanamh an obair a bhain an oifig réigiúnach in Ard Mhacha amach le níos mó ná leathchéad bliain.

Sa leabhar seo déantar cur síos cuimsitheach ar eagraíocht Ghaeilge a raibh ceannródaíocht, nuálaíocht agus fiontraíocht ar leith ag baint léi ón lá a bunaíodh í.

Is í Mairéad Ní Chinnéide a chuir stair chuimsitheach Gael Linn le chéile ina n-áirítear tionscnaimh éagsúla de chuid Ghael Linn thar na blianta.

Cuimsíonn an saothar seo blianta tosaigh na heagraíochta nuair a tugadh Linnte Ghael Linn ar an saol, bunaithe ar thorthaí chluichí gaelacha, agus biongó ina dhiaidh sin, agus an chaoi ar leathnaigh gníomhaíochtaí na heagraíochta go raibh sí páirteach i dtionsclaíocht, siamsa, oideachas, foilsitheoireacht, scannánaíocht agus go leor eile.

Is é an t-Ardeaspag Cóidiútar Éamon Ó Máirtín a sheolfaidh Scéal Ghael-Linn le Mairéad Ní Chinnéide i Leabharlann Ó Fiaich i gCathair Ard Mhacha ar Dé Céadaoin, 11 Nollaig 2013 ag 7.00pm.

©Foilsithe ar Gaelport.com 9 Nollaig 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceangal G le tacú le fiontair Ghaeilge agus Ghàidhlig

Aimsir - aip nua Ghaeilge

Scéal na Gaeilge i nDoire

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>