Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Corpas na Gaeilge 1882–1926 d’Fhoclóir na Nua-Ghaeilge seolta

$
0
0

Oíche aréir, Dé Céadaoin, 11 Nollaig 2013, foilsíodh Corpas na Gaeilge 1882 – 1926 d’Fhoclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. 

Faoi láthair, tá foireann ‘Foclóir na Nua-Ghaeilge’ ag obair ar chartlann a thiomsú de théacsanna a bhaineann leis an tréimhse 1882-2000. San áireamh beidh ábhar foilsithe agus neamhfhoilsithe, ábhar ón bhfocal labhartha agus ón mbéaloideas. Beidh ábhar ón aircív seo ar fáil do scoláirí ar líne, nó i bhfoirm CD-ROM de réir a chéile. Bainfear úsáid as an aircív seo le corpas a chur le chéile, agus bainfear úsáid as, in éineacht le Corpas na Gaeilge 1600-1882 a foilsíodh sa bhliain 2004, le tabhairt faoin bhfoclóir stairiúil a chur le chéile.

Tá beagnach 300 téacs Gaeilge, a foilsíodh idir 1882 agus 1926, sa Chorpas nua s seoladh aréir.  Is acmhainn luachmhar é do thaighdeoirí ar an teanga nó ar an stair.  Ba é an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. a sheol an corpas nua agus thug sé ardmholadh don sárobair atá ar bun ag an Acadamh Ríoga i réimsí a chuimsíonn stair na hÉireann, an tseandálaíocht, an Ghaeilge, an cultúr agus cúrsaí eolaíochta. 

Ag labhairt ag an ócáid seolta, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich, go bhfuil “obair éachtach ar siúl chun teacht chuig an gcéim seo inniu. Tógann sé ar an dúshraith a leagadh síos in 2004 nuair a d’fhoilsigh Foclóir na Nua-Ghaeilge, tionscnamh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, Corpas na Gaeilge 1600–1882 ar CD-Rom.  Bhí breis is 700 téacs Gaeilge agus os cionn 7.2 milliún focal ón tréimhse sin ar fáil i bhfoirm inchuardaithe ar an CD-ROM”.


©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Nollaig 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ardmholadh do na meáin Ghaeilge 

Céard é do thuairim faoi TG4?

Scéal Ghael-Linn le seoladh in Ard Mhacha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>