Fáilte curtha roimh ráiteas Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go nglactar le moladh an Ombudsman i dtaca le húsáid na Gaeilge ar shuíomh na Parlaiminte.
Tuairiscíodh i mí Lúnasa na bliana seo go raibh molta ag an Ombudsman Eorpach do Pharlaimint na hEorpa go n-úsáidfear an Ghaeilge ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte amach anseo. D’easraigh moladh an Ombudsman as gearán a rinne an Dr. Pádraig Ó Laighin i mí Aibreán 2012.
Ba é cás an ghearánaigh gur theip ar an bParlaimint, ó 1 Eanáir 2007 i leith nuair a bronnadh aitheantas ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais, a leathanach baile agus leathanaigh ábhartha eile ar a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge ar bhonn leordhóthanach agus comhréireach. D’áitigh sé go raibh an Pharlaimint ag gníomhú go hidirdhealaitheach, agus go raibh drochriarachán ann, toisc nár chuir sí na leathanaigh sin ar fáil i nGaeilge ar bhonn leordhóthanach agus comhréireach.
Cé gur aithin an tOmbudsman chur chuige na Parlaiminte i leith an ilteangachais ina chuid oibre ó lá go lá, cinneadh gur chás drochriaracháin a bhí i dteip Pharlaimint na hEorpa a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge agus moladh leagan Gaeilge den suíomh gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge.
Tá fógartha inniu bhfuil cinneadh tógtha ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schultz, glacadh le moladh an Ombudsman.
Dúirt an tOmbudsman Eorpach, Emily Ní Raghallaigh,“Tá áthas orm go rachaidh Parlaimint na hEorpa níos faide ná mar a bhí molta agam. Ní amháin go mbeidh codanna den suíomh aistrithe go Gaeilge, ach tá sé beartaithe anois ag an bParlaimint an suíomh go hiomlán a bheith ar fáil trí Ghaeilge".
"Tá sé tábhachtach go mbeadh ar chumas an phobail dul i ngleic, ina theanga féin, leis an institiúid a dhéanann ionadaíocht dhíreach ar a shon. Is iontach an rud é go bhfuil an dearcadh sin ag an bParlaimint".
Thug Emily Ní Raghallaigh le fios go bhfuil plean eisithe anois ag Uachtarán na Parlaiminte ina leagtar amach ceithre ghníomh éagsúla chun a chinntiú go mbeidh leagan Gaeilge den suíomh gréasáin ar fáil roimh na toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2014. Dúirt sé go raibh an-tábhacht ag baint leis an gceist seo ó thaobh Pharlaimint na hEorpa agus go bhfuil siad tiomnaithe stádas na Gaeilge a aithint.
©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Nollaig 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
"Tá teipthe ar an Rialtas seo go hiomlán ó thaobh na Gaeilge"
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge