Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Na chéad fhógraí Pleanála Teanga foilsithe

$
0
0

Iarratas ar aighneachtaí i dtaca le trí limistéar pleanála teanga fógartha faoi Alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta 2012

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., go bhfuil fógraí i leith na limistéar a leanas foilsithe ag an Roinn inniu:

  • Ciarraí Thiar
  • Cois Fharraige
  • Gaoth Dobhair, Rann a Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir

Faoi Acht na Gaeltachta 2012 roinneadh an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus é i gceist go mbeadh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin.  Ag an am sin, bhí sé aontaithe go roghnófaí príomheagraíocht cinnireachta amháin i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. I mBealtaine na bliana seo, fógraíodh go ndéanfaí athdhréachtú ar na ceantair a roghnaíodh, ionas go mbeadh 26 ceantar ann in áit 19.

Agus é ag fógairt an chórais iarratais inniu, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich, "Tá lúcháir orm a bheith in ann a fhógairt go bhfuil an chéad trí fhógra foilsithe agam faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann na fógraí seo tús oifigiúil leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh sna limistéir seo".

Tá tugtha le fios go dtabharfar tréimhse suas le 2 mhí ón 16 Eanáir 2014 d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir ar leith.  Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain do na heagraíochtaí roghnaithe chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le faomhadh agus is thar thréimhse 7 mbliana a chuirfear na pleananna teanga i bhfeidhm le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta.

"Agus tús oifigiúil curtha anois leis an phróiseas pleanála teanga i 3 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ó thuaidh, ó dheas agus thiar, táim ag súil go mbeidh 10 bhfógra eile foilsithe i gcás 10 limistéar eile an bhliain seo chugainn agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin," a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich.

Dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra go rabhthas ag súil le níos mó ón Roinn: "Níl fógartha ach trí cheantar as sé cheantar fichead, agus má leantar le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga ar an ráta céanna seo, is beag dul chun cinn a bheidh á dhéanamh.  Tá dhá bhliain ag na ceantair seo anois chun plean teanga a chur le chéile agus a aontú leis an Roinn, agus beidh seacht mbliana acu ansin chun an plean sin a fheidhmiú". 

"Níl aon sonraí eisithe fós maidir leis na hacmhainní nó na tacaíochtaí a bheidh ar fáil do na ceantair seo sa tréimhse sin.  Is gá don Rialtas tosaíocht a dhéanamh d’fheidhmiú an phróisis seo agus acmhainní cuí a chur ar fáil dá réir,” a dúirt De Barra.

©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Nollaig 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

"Tá teipthe ar an Rialtas seo go hiomlán ó thaobh na Gaeilge"

Cearta teanga á lorg don Nollaig

Deis caillte don Ghaeltacht le hachtú Acht na Gaeltachta 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>