Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gael láidir ar lár.

$
0
0
Is cúis mhór bhróin d’Uachtarán, do Chomhaltaí agus d’fhoireann Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge bás ár gcara, Máire Uí Ghógáin inné (08 Eanáir 2014).  Ba Uachtarán í Máire Uí Ghógáin ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge idir 1978 agus 1987, agus ba cheannaire stuama í a thug a saol do chúis na Gaeilge.  

IarUachtarán ab ea í freisin ar Chomhaltas Uladh, agus IarChathaoirleach ar Fhéile Oirialla.  Shuí sí ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1983 -1986, agus bhí an-bhaint aici thar na blianta freisin le hÉigse Uladh.
D'éag Máire go síochánta in aois a 90 bliain, tar éis di tinneas a fhulaingt go misniúil, dóchasach faoi chúram a clainne agus a cúntóirí baile. Céile ionúin Liam (nach maireann) agus máthair ghrámhar le Caoimhe (Frain), Máire, Colm, Neasa (Kinsella) Liam agus Úna. 

Mamó mhórtasach í dá garpháistí agus dá bpáistí sin. Méala mór a bás dá hiníonacha, dá mic, dá cliamhaineacha Pat, Cathal agus Mary, dá garpháistí, clann lucht a muintire agus dá gaolta agus dá cairde go léir. 

Tórramh ina teach cónaithe óna 4 a chlog tráthnóna Aoine 10 Eanáir. Aifreann na sochraide i Séipéal Mhuire na mBuanna, Sail na gCnocán ar a 10 a chlog, maidin Shathairn. Adhlacadh ina dhiaidh sin i Reilig Sheanganaí. 

Ar dheis Dé go raibh a hanam uasal.

© Gaelport.com 09 Eanáir 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Cúnamh don bhéal triail

As na Nuachtáin:  Ranganna Gaeilge an Earraigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>