Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Lá na cinniúna buailte le hEarnáil Dheonach na Gaeilge

$
0
0

6 cheanneagraíocht a bheas ag feidhmiú mar chuid den mhúnla nua maoinithe ainmnithe ag Foras na Gaeilge

D'fhógair Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, inniu gurb iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre faoina gcúram a chur chun cinn ar fud an oileáin.

Go dtí seo, 19 n-eagraíocht a bhí á mbunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge, ach faoin struchtúr úr a thiocfaidh i bhfeidhm ó mhí Iúil 2014, ní chuirfear maoiniú ar fáil ach do na 6 cheanneagraíocht. 

Ar an 2 Nollaig 2009 fuair Foras na Gaeilge treoir ón gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge chun an luach ar airgead is fearr a bhaint amach ar airgead an cháiníocóra.

I mí Bealtaine 2010, d'fhógair Foras na Gaeilge san tSamhail Nua Mhaoinithe, punann de scéimeanna de réir catagóirí éagsúla a bhí i gceist léi.  Cáineadh an próiseas seo go géar ag leibhéal an Stáit agus san Earnáil i gcoitinne agus cinneadh i mí Meitheamh 2012 gan leanúint ar aghaidh leis an tSamhail mar chur chuige.  Fógraíodh múnla nua maoinithe i mí Iúil na bliana céanna a mhol na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas a chuir faoi chúram 6 cheanneagraíocht a thiocfaidh in áit na socruithe reatha bunmhaoinithe:

(i) Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
(ii) Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit)
(iii) Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile,
(iv) Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
(v) Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta
(vi) Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga.

Trí chéim a bhain leis an bpróiseas roghnúcháin, faoi chéim a haon, b’éigean d’eagraíochtaí a spéis a léiriú agus foirm chuimsitheach a líonadh a bhain le hobair agus le comhdhéanamh na heagraíochta.  Faoi chéim a dó, bhí aighneacht shubstainteach le hullmhú ag na heagrais sin ar glacadh lena léirithe suime agus faoi chéim 3 cuireadh agallamh ar cheannasaithe na n-eagraíochtaí ar éirigh lena n-aighneachtaí.

Faoin gcóras nua, bunófar dhá fhóram nua, Fóram Comhpháirtíochta uile oileáin agus Fóram Forbartha Teanga comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Beidh an Fóram Comhpháirtíochta ag aontú plean straitéiseach don earnáil agus pleananna a chéile agus ag cinntiú go mbeidh na ceanneagraíochtaí ag obair go dlúth as lámha a chéile leis an chuid is fearr a dhéanamh don teanga.  Tabharfaidh an Fóram Comhpháirtíochta aiseolas don Fhóram Comhpháirtíochta ar fheidhmiú na dtionscadal ar an talamh agus déanfaidh siad moltaí maidir leis an bhealach chun tosaigh.

Do na heagrais nár éirigh leo stádas mar cheanneagraíocht a bhaint amach, tiocfaidh deireadh lena mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge ar an 30 Meitheamh 2014.  I gcás mórchuid na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe tá siad geall le bheith spleách ar Fhoras na Gaeilge mar fhoinse maoinithe, agus ba ionann deireadh le maoiniú an Fhorais agus tua an bháis dóibh.

©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Feachtas láidir ar son na Gaeilge 

Múnla Nua Maoinithe: Ceanneagraíochtaí le fógairt ar 17 Eanáir 2014

Promotion of Irish in North ‘blocked by hostile attitudes’

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>