Ar an Déardaoin beag seo, 30 Eanáir 2014, beidh craobh ceannais de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn sa Téatar Poiblí/Halla Scrúdaithe i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus tá míle fáilte roimh an bpobal bheith i láthair ag an ócáid iontach seo.
Tá sraith de chomórtais díospóireachta á reáchtáil ag Gael linn le breis is leathchéad bliain anois agus gach ceann acu ag dul ó neart go neart gach bliain agus ag treisiú na teanga dá réir. Tá Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain dírithe ar iarbhunscoileanna timpeall na tíre a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge, agus dóibh siúd amháin.
Is chun leas na Gaeilge atá Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain á reáchtáil. Chuige sin is dóigh gur féidir na díospóireachtaí a úsáid mar áis chun an teanga a mhúineadh trí rannpháirtíocht an ranga go léir. Beidh an tIar–Aire Rialtais Mary Hanafin i láthair mar aoichainteoir.
Bíonn dhá roinn sa chomórtas - roinn na sóisear agus roinn na sinsear. Is do mhic léinn sna ranganna Theastais Shóisearaigh í roinn na sóisear agus tá roinn na Sinsear dírithe ar mhic léinn sna ranganna Ardteistiméireachta le daltaí Idirbhliana san áireamh.
Cuirfear tús le craobh na sóisear ag 4.30 i.n. tráthnóna Déardaoin le ceithre fhoireann ar éirigh leo an craobh ceannais a bhaint amach ó na Craobhacha Réigiúnacha a bhí ar siúl ag i mí na Nollag 2013.
Is iad na foirne a bheidh ag coimhlint lena chéile i gcomórtas na sóisir chun Corn Uisne agus duaischiste de €1,000 a chrochadh leo ná Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall. ‘Tá deireadh le ‘comhar na gcomharsan’ in Éirinn’ an téama a bheas faoi chaibidil ag na foirne ar an lá.
Mar chuid den duais freisin beidh deis iontach ag na buaiteoirí sa chraobh sóisir páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’ níos déanaí sa bhliain. Is ócáid bhliantúil chainte poiblí í seo, i nGaeilge agus i nGàidhlig na hAlban, do dhaltaí sóisearacha dara leibhéil agus tá sé arna eagrú i gcomhar le Gael Linn agus Comunn na Gàidhlig le cabhair ó Colmcille. Tugann an saghas féile seo léargas iontach do dhaltaí scoile ar na cosúlachtaí móra agus an gaol atá idir an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban.
Ag 6.00 i.n. beidh daltaí scoile as Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath; Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe mar aon le Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú ag ple an rúin ‘Tá géarghá le páirtí nua polaitíochta i bPoblacht na hÉireann’ agus iad ar thóir Chorn Ghael Linn mar aon le duaischiste €1,000.
Tuilleadh Eolais: Seán Ó Ceallaigh – 01 6753299 nó seanc@gael-linn.ie
©Foilsithe ar Gaelport.com 27 Eanáir 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Spriocdháta don Chomórtas Amhrán Nua Pan Cheilteach 2014
An mhéar fhada tugtha don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge