Seasamh díomách an Rialtais i leith na Gaeilge le plé ag cruinniú den Fhochoiste um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Ag cruinniú den Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara a tionóladh an mhí seo caite ardaíodh neart ceisteanna maidir le beartais agus cur chuige an Rialtais i dtaca le ceist na Gaeilge ag leibhéal an stáit.
Ag eascairt as caint cháinteach a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus é ag tuairisciú don Fhochoiste den uair dheireanach sula n-éiríonn sé as a ról ar 23 Feabhra 2014, agus ag tagairt don easpa ionadaíochta ó pháirtithe an chomhrialtais ag an gcruinniú, léiríodh an-imní maidir le staid reatha na Gaeilge agus na himpleachtaí tromchúiseacha atá i ndán do phobal na Gaeilge mar thoradh ar dhrochsheasamh na n-údarás ina leith.
Chuir baill an Fhochoiste neart buarthaí, ceisteanna agus moltaí chun cinn le linn an chruinnithe go háirithe i dtaca le hiniúchadh a dhéanamh ar an Straitéis, agus tá deimhnithe anois go dtiocfaidh an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., os comhair an Fhochoiste ar 06 Márta 2014.
Is cinnte go gcuirfear an-spéis sa mhéid a bheas le rá ag an Aire ar roinnt ábhar amhail:
-
Stádas na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ina hiomláin
-
Earcú chomharba an Choimisinéara Teanga reatha agus staid na hOifige
-
Ag dul i ngleic leis an gcur i gcéill ardaithe ag Seán Ó Cuirreáin
-
An Ghaeilge sa státseirbhís agus gníomhaíocht an Rialtais le dul i ngleic leis na heasnaimh
-
Cinn an Bhille i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla
Táthar ag súil go dtabharfaí cluas éisteachta do bhuarthaí bhaill an Fhochoiste le linn an chruinnithe agus gur deis a bheas ann d’fhonn moltaí maidir leis an mbealach chun cinn a chur faoi bhráid an Aire Stáit.
©Foilsithe ar Gaelport.com 3 Feabhra 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Post an Choimisinéara Teanga fógartha
As na Nuachtáin: Cá raibh Fine Gael and an Lucht Oibre ?
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge