Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

21 iarratas ar Phost an Choimisinéara Teanga

$
0
0

Ról dúshlánach i ndán do chomharba Sheáin Uí Chuirreáin

Ag eascairt as fógra éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i mí na Nollag, d'fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go raibh léirithe spéise á nglacadh ó dhaoine ar suim leo a bheith ceaptha mar Choimisinéir Teanga. Tá tugtha le fios ag an Roinn anois, agus spriocdháta 30 Eanáir istigh, gur léirigh 21 duine spéis sa ról.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar fhoras monatóireachta i leith comhlíonadh fhorálacha an Achta sa státchóras. Thug Seán Ó Cuirreáin le fios i mí na Nollag go seasfaidh sé siar óna ról ar 23 Feabhra 2014 de bharr theip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit.

Ba mhór an díospóireacht a chruthaigh fógra Uí Chuirreáin agus cáineadh an Rialtas go géar bunaithe ar na cúiseanna a tugadh i dtaca le cinneadh an chéad Choimsinéara Teanga ceaptha riamh. I measc gearáin an Choimsinéara, luadh lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, beartas úr lochtach earcaíochta na Státseirbhíse agus an easpa iniúchtá ná léirmheastóireachta neamhspleách a dhéantar ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Anuas air sin tá Cinn an Bhille maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh in 2011 fós le haontú agus tugadh le fios le déanaí go bhfuil Oifig an Choimisinéara fós ag fanacht ar shoiléiriú maidir le 'Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí 2011' ina fógraíodh go n-aistreofaí cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga chuig Oifig an Ombudsman.

I ráiteas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chuig Gaelport.com, dúradh go bhfuair "an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí 21 léiriú spéise don phost mar Choimisinéir Teanga. Tá na hiarratais á mbreithniú faoi láthair. Cuirfear moladh chun an post a líonadh faoi bhráid an Rialtais in am trátha. I gcomhréir le halt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, déanfaidh Uachtarán na hÉireann an duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an cheapacháin".

Mairfidh tréimhse an cheapacháin ar feadh tréimhse sé bliana agus is é €115,576 tuarastal bhliantúil an phoist.

Tabharfar aghaidh ar cheist an Choimisinéara Teanga agus an "cur i gcéill" a d'ardaigh Seán Ó Cuirreáin, mar aon le neart ábhar tromchúiseach eile, nuair a rachaidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. os comhair an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara ar 6 Márta 2014.

©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceisteanna le freagairt ag an Aire

An Straitéis a thabhairt slán

Éirí as an Choimisinéara Teanga cíortha ag Fochoiste Oireachtais

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>