Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag lorg tuairimí ón bpobal maidir leis na seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil dá custaiméirí trí mheán na Gaeilge.
Cuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú an dara dréachtscéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ó aon pháirtithe leasmhara.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig gaeilge@dublincity.ie. Ina ionad sin is féidir iad a chur sa phost chuig:
An tOifigeach Forbartha Gaeilge,
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,
Bloc 3, Urlár 3, Oifigí na Cathrach,
Baile Átha Cliath 8
Ní mór aighneachtaí a chur isteach roimh 5.00pm, Dé hAoine 14 Márta 2014.
Aighneachtaí
Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aiseolas a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:
-
Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
-
Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
-
Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
-
Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
-
Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
-
Cruinnithe Poiblí
-
Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
-
Láithreán Gréasáin
-
Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
-
Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
-
Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe
Tá eolas maidir le mandáid agus ról Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus na seirbhísí a chuireann sí ar fáil don phobal ar fáil ag www.baileathacliath.ie.
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie.
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ar www.gaelport.com/abhchoideacht.
©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Febahra 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do phost an Choimisinéara Teanga
An Phríomhchathair ag ullmhú do Lá Mór na Gaeilge
Peadar Tóibín ar ais le Sinn Féin agus athcheaptha mar Urlabhraí ar Ghnóthaí na Gaeilge
Lean an scéal agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge