Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Dr Pádraig Ó Héalaí insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2014

$
0
0

Rinneadh an Dr Ó Héalaí a insealbhú mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge an tseachtain seo i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

“Is le humhlaíocht mhór agus uirísle a ghlacaim le gradam na hUachtaránachta ón eagraíocht stairiúil seo atá lárnach i saol na Gaeilge”,  a dúirt an Dr Ó Héalaí agus slabhra na huachtaránachta á bhronnadh air. 

“Is é an tOireachtas an stáitse is mó agus is feiceálaí a léiríonn an bheogacht, an spleodar agus an tathag atá sa teanga shaibhir seo againne. Is ceiliúradh é an tOireachtas ar ár dteanga, agus is údar mórtais domsa bheith ceangailte ag an slabhra oifige seo le príomhfhéile náisiúnta na Gaeilge”, a dúirt sé.

Is as an bhFeothanach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne don Dr Ó Héalaí atá ag cur faoi anois i gCois Fharraige.  Bhí sé ina Léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad sular ceapadh é in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. An béaloideas a shainréimse léinn agus tá a lán foilsithe aige ar an ábhar.

Tá sé ina chomhbhunaitheoir agus ina Chathaoirleach ar Chumann Béaloidis Chonamara, agus tá blianta tugtha aige ina Rúnaí agus ina Chathaoirleach ar Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thosaigh sé ag freastal ar an Oireachtas i dtús na seachtóidí agus bhí sé ina mholtóir go rialta ar na comórtais scéalaíochta ann ó shin.

Chuir an searmanas insealbhaithe seo tús le bliain úr d’imeachtaí éagsúla an Oireachtais. Fógrófar Comórtais Liteartha an Oireachtais go luath agus is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh an ócáid is mó, Oireachtas na Samhna, i mí Dheireadh Fómhair.

©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Comhdháil ar Litríocht na Gaeilge le hoscailt ag an Taoiseach

Bonn Óir Sheáin Uí Riada bronnta ar Chormac Begley

Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas do phost an Choimisinéara Teanga

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>