Ag Comhdháil de chuid POBAL a tionóladh i mBéal Feirste ar Déardaoin, 13 Feabhra 2014, labhair saineolaithe Eorpacha aitheanta faoi na cúiseanna nach bhfuil ag éirigh le feidhmiú Chairt na hEorpa do Theangach Réigiúnacha nó Mionlaigh.
“Ag Amharc Siar, Ag Bogadh Chun Tosaigh” a bhí mar theideal ar an gcomhdháil seo a d’eascair as tuairisc ó Choiste na Saineolaithe de chuid Chomhairle na hEorpa (COMEX) i dtaca le Cairt na hEorpa. Cháin an tuairisc monatóireachta seo, a eisíodh in Eanáir 2014, cur chuige Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann i dtaca le cur i bhfeidhm na Chairt na hEorpa.
Le linn na comhdhála, rinne Céad Leas-Chathaoirleach ar Choiste na Saineolaithe, Sigve Gramstad mion-staidéar ar an mbealach a cuireadh an Chairt i gcrích i leith na Gaeilge ó tugadh isteach í in 2001. Thug an dlíodóir iomráiteach ón Bhreatain Bheag, Emyr Lewis, a chaith dhá sheal ar Choiste na Saineolaithe mar ionadaí neamhspleách na Ríocht Aontaithe, osradharc ar roinnt de na príomhcheisteanna a bhaineann le cothú na Gaeilge ó thuaidh.
Ag labhairt i ndiaidh na hócáide seo, dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL: ‘Bhí Sigve Gramstad ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar Choiste na saineolaithe anois le 15 bliain. Tá saineolas agus saintaithí ar leith aige i dtaca leis an Chairt de, agus mar sin is mó an ábhar suntais é go ndúirt sé go bhfuil fadhbanna substaintiúil anseo i gcur chun cinn na Gaeilge, agus go gcaithfidh an rialtas ag Westminster agus an Tionól tabhairt fúthu lena gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin dlí idirnáisiúnta.”
© Gaelport.com 14 Feabhra 2014
Seans go mbeadh spéis agat sna hailt seo a leanas:
Mímhuinín i bhfeidhmiú Chairt na hEorpa i dTÉ
Cosc ar an nGaeilge ó thuaidh
Impleachtaí an Mhúnla Nua Maoinithe pléite i dTionól Thuaisceart Éireann