Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha

$
0
0

18 gnólachtaí i gCathair na dTreabh san iomaíocht don Ghradam clúiteach

Tá 18 comhlacht áitiúil roghnaithe ag Gaillimh le Gaeilge le páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo.  Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Sheosaimh Uí Ógartaigh, ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge. Sprioc an chomórtais ná comhlachtaí áitiúla a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre laethúil. Eagraítear an comórtas gach bliain i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag léiriú go bhfuil cathair na Gaillimhe ina cathair bheomhar dhátheangach.

Cothaítear an-spéis i nGradam Uí Ógartaigh gach bliain agus déantar neart poiblíochta ar na comhlachtaí rannpháirtithe mar chuid den chomórtas. Anuas air sin, is fiú breis agus €20,000 luach iomlán na nduaiseanna atá urraithe ag roinnt ghnóthaí áitiúla agus náisiúnta

Bhí ardchaighdeán i gceist leis na hiarratais arís i mbliana a léirigh dearfacht agus diongbháilteacht láidir i leith na teanga.

I measc na comhlachtaí a roghnaíodh don ghearrliosta, tá 12 gnólacht ag glacadh páirte sa chomórtas den chéad uair i mbliana agus tá 6 comhlacht a ghlac páirt ann roimhe seo.

Coinneoidh na moltóirí súil ghéar ar na gnólachtaí sna seachtainí atá romhainn agus tabharfaidh siad cuairt orthu a chun léargas a fháil agus breithiúnas a thabhairt ar an obair dhátheangach rathúil go léir atá ar bun acu.  Ar phainéal moltóireachta na bliana seo tá an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Déan Scoil Ghnó- Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath; Siubhán Nic Grianna, Údarás na Gaeltachta; John Coyle, Hygeia agus Renvyle House Hotel; agus Ailish Rohan, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.  

Agus í ag fógairt an ghearrliosta, dúirt Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge, “Tá áthas orainn a fheiceáil go bhfuil gnólachtaí atá tar éis a theacht ar  an bhfód sa chathair páirteach sa Ghradam chomh maith leo siúd atá ag trádáil i nGaillimh leis na blianta fada. Tá an líon is mó ainmniúcháin i mbliana sa chatagóir miondíol. Tá sé iontach a thabhairt faoi deara go bhfuil an oiread sin siopaí miondíola ag úsáid na Gaeilge mar go dtugann sé deis do dhaoine ar an tsráid, an teanga a fheiceáil agus a chloisteáil á húsáid go laethúil i ngnáthshaol na ndaoine.”

Bronnfar pacáiste gnó de luach €2,000 ar bhuaiteoirí na gcatagóirí mar aon le macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Gheobhaidh buaiteoir iomlán an Ghradaim duais ar luach iomlán €17,000 urraithe ag gnólachtaí áitiúla idir phacáiste fógraíochta de luach €2,500 ón Galway Advertiser agus fheachtas poiblíochta náisiúnta.  Fógraíodh The Irish Times, Galway.com agus the Solution Guys mar urraitheoirí nua i mbliana.

Is iad seo a leanas na gnólachtaí agus na heagraíochtaí a roghnaíodh do na catagóirí éagsúla sa ghearrliosta i mbliana:

Miondíol, urraithe ag Galway Bay FM: 

CARA Pharmacy
Claddagh & Celtic Jewellers
FUJIFILM | Gaillimh
Joe Faherty Ltd.
Siopa Leabhar
Charlie Byrne’s
Tesco, Galway

Turasóireacht & Fáilteachas, urraithe ag Fáilte Ireland

Dáil Bar
Óstán an Ardoileáin,
The Front Door
The House Hotel
Tom Sheridan’s

Seirbhísí, urraithe ag Snap Galway

Brendan James Financial Services
An tIonad Éigeandála um Éigniú, Gaillimh
Tí Tighe
Fascinators 7 Fáiscín

Comhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

CLG Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach
Dúchas na Gaillimhe
Oakwood Crèche
iSupply

Fógrófar buaiteoirí na gcatagóirí agus buaiteoir iomlán an Ghradaim ar 13 Márta mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge.

Tá breis eolais maidir le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus ‘Gaeilge sa Ghnó’, seirbhís shaor in aisce a chuirtear ar fáil do ghnóthaí áitiúla ar fáil ach glaoigh ar Ghaillimh le Gaeilge, 091 568876 nó féach www.gleg.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach fógartha

Bain cáilíocht idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge

Seachtain na Gaeilge 2014

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>