Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Duaiseanna Ghlór na Gael le fógairt ar Iris Aniar

$
0
0

Liosta bhuaiteoirí 2014 le fógairt ar Raidió na Gaeltachta an Déardaoin beag seo

Cuirfidh coistí Ghlór na nGael in Éirinn agus thar lear spéis sa chlár Iris Aniar, Raidió na Gaeltachta, ar an Déardaoin, 27 Feabhra, nuair a fhógrófar torthaí Ghlór na nGael 2014.

Cé go n-ainmneofar gearrliosta na gcoistí atá in iomaíocht do na duaiseanna sa chomórtas náisiúnta ar an gclár idir 9.15-10.00am, ní nochtfar cé a thabharfaidh Príomhdhuais 2014 leo go dtí Dé Sathairn, 29 Márta, ag ócáid bhliantúil Bronnadh Ghlór an nGael a bheas ar siúl i gCaisleán Chluain Tarbh.

Ba iad Is iad Coiste Forbartha Dhobhar, Tír Chonaill, a chroch leo an duais i 2013 agus beidh buaiteoir na bliana seo ag súil le mórdhuais €20,000.

Mar aon leis an bpríomhdhuais a bhronntar gach bliain, bíonn duaischiste €120,000 le bronnadh ar choistí deonacha Gaeilge ar fud na tire. Tugtar aitheantas do choistí le cúnamh fostaíochta agus gan chúnamh fostaíochta a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa phobal áitiúil.

Bíonn aitheantas chomh maith ag dul do chumainn Ghaelacha sa chomórtas Tríú Leibhéal agus d’eagraíochtaí Gaeilge idirnáisiúnta sa chomórtas Global Gaeilge.

Bronnfar na duaiseanna ag ócáid mhór cheiliúrtha ar Dé Sathairn, 29 Márta, i gCaisleán Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha

Seachtain na Gaeilge 2014

Gearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>