Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Sparánacht taighde agus maoiniú áiseanna ar fáil ó COGG

$
0
0

Tá fógartha ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) an tseachtain seo go mbeidh siad ag cur fáilte roimh iarratais mhaoinithe d’áiseanna teagaisc mar aon le hiarratais do sparánacht taighde.

Maoiniú

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, ó ghrúpaí, ó chomhlachtaí, agus ó fhoilsitheoirí a bhfuil suim acu áiseanna a sholáthar a bhaineann le foghlaim nó le teagasc na Gaeilge nó teagasc trí Ghaeilge.

Sparánacht Taighde

Fáilteofar freisin roimh iarratais ó mhic léinn ag leibhéal dochtúireachta nó ó thaighdeoirí iardhochtúireachta ar mian leo taighde a dhéanamh ar Theagasc nó ar Fhoghlaim na Gaeilge, ach glacfar freisin le hiarratais ar ábhair ábhartha eile a bhaineann leis an nGaeilge.

Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie.  Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm, 19 Márta 2014.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Feabhra 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Lear mór gearán faighte ag RTÉ faoin nGaeilge

Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha

Comórtas Filíochta Uí Néill 2014

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge  


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>