Pancóga
Oideas bunúsach do fuidreamh
Comhábhair
4unsa (100g) plúr
½ phionta (250ml) Bainne
1 ubh
Gráinnín salann (leathspúnóg tae)
Comhábhair breise
2unsa (50g) im
Siúcra / líomóid / nó oráiste do bhlas breise
Ag déanamh na pancóga
Cuir an plúr agus an salann le chéile i mbabhla. Déan poll beag i lár an phlúir agus cur isteach an ubh. Tosaigh á mheascadh le chéile ag cur isteach aon cheathrú den bhainne de réir a chéile.
Coinnigh ort á mheascadh go dtí go mbeidh sé go deas mín agus gan aon lumpaí, agus lean ort ag cur isteach an chuid eile den bhainne. Ma bhíonn se róthiubh cur beagán uisce leis.
Cuir an fuidrimh isteach i gcrúiscín chun go mbeidh se éasca e a dhoirteadh ar an bhfriochtán
Ag cócaireacht na pancóga
Téigh an friochtán agus cur beagán ime air. Déan cinnte go mbeidh an t-im leáite go hiomlán, agus déan é a scaipeadh amach ar an bhfriochtán.
Déan cinnte go mbeidh an friochtán go deas te agus ansin doirt isteach dhá spúnóg boird den fhuidreamh ón gcrúiscín agus déan an friochtán a chlúdach go deas tanaí.
Déan an phancóg a chócaireacht go dtí go mbeidh sé go deas donn in íochtar (ní thógann se i bhfad).
Agus ansin beidh sé beagán casta, ach déan an phancóg a iompú agus an taobh eile a dhéanamh. Is féidir spúnóg plaisteach a úsáid chun cabhrú leat seo a dhéanamh, ach beidh níos mó spóirt agat má dhéanann tú iarracht é a flípeáil!!!!
Cuir do chuid pancóga chun boird le do rogha de shiúcra, shíoróip, líomóid nó oráiste ar a mbarr.
Foilsithe ar Gaelport.com 03 Márta 2014