Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ag dréachtú an dara scéim teanga

$
0
0

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ag lorg tuairimí ón bpobal maidir leis na seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil dá custaiméirí trí mheán na Gaeilge.

Cuireann Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú an dara dréachtscéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ó aon pháirtithe leasmhara.

Ba chóir nach sáródh na h-aighneachtaí 4,000 focal (c. 8 leathanach) agus más féidir, ba choir iad a sheoladh isteach go leictreonach chuig gaeilge@dlrcoco.ie.  Ina ionad sin is féidir iad a chur sa phost chuig:

An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach,
Rannóg Seirbhísi Corparáideacha agus Acmhainní Daonna,
Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin,
Halla an Chontae,
Bóthar na Mara,
Dún Laoghaire,
Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin faoi réir an Achta um Shaoiráil Faisnéise. Tá sé ar intinn ag an gComhairle faisnéis a cur ar fáil faoi aighneachtaí ar iarratas.

Ní mór aighneachtaí a chur isteach roimh 5.00pm, Dé hAoine 28 Márta 2014.

Aighneachtaí

Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aiseolas a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:

  • Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
  • Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
  • Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
  • Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
  • Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
  • Cruinnithe Poiblí
  • Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
  • Láithreán Gréasáin
  • Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
  • Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
  • Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe

Tá eolas maidir le mandáid agus ról Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus na seirbhísí a chuireann sí ar fáil don phobal ar fáil ag www.dlrcoco.ie.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie.

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.

Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ar www.gaelport.com/abhchoideacht.

©Foilsithe ar Gaelport.com 4 Márta 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Lá Dearg i mBéal Feirste

Ceannaire Gaeilge tras-rannach le hearcú ag RTÉ

Freagraí le fáil ar mhórcheisteanna na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>