Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Iarracht neamhbhalbh Acht na dTeangacha a lagú – Ó Clochartaigh

$
0
0
I mí na Samhna 2011 fógraíodh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Tá curtha in iúl ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta go bhfuiltear ag súil leis an mBille Nua a fhoilsiú roimh bhriseadh an tsamhraidh.  
Tá Cinn an Bhille fós le haontú go fóill, agus níor cuireadh aon leasú molta faoi bhráid an Rialtais go dtí seo, ach tá cóip neamhoifigiúil de dhréachtchinn an Bhille á scaipeadh faoi láthair, agus tá sé seo scrúdaithe ag Gaelport.com.

Dhiúltaigh an tAire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., ceisteanna a fhreagairt don Fhochoiste um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara maidir leis an dréachtcháipéis  seo agus dúirt ó tharla nach bhfuil an cháipéis seo curtha faoi bhráid an Rialtais go fóill, nach bhfuil stádas ar bith aici.

Sa dréachtcháipéis seo, leagtar amach moltaí chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a lagú go mór.  14 ceannteideal in iomlán atá molta, agus baineann roinnt acu sin le nithe teicniúla chun lúba ar lár san Acht féin a cheartú, ach tá moltaí eile ann a bhainfidh go mór ó stádas na reachtaíochta reatha.  

Cuirtear nóta míniúcháin leis an moladh sin sa dréachtcháipéis a mhíníonn go bhfuil an moladh seo á dhéanamh chun aistriúchán go Gaeilge de cháipéisí nach bhfuil éileamh orthu a sheachaint ar mhaithe le hairgead a shábháil.  

Moltar freisin sa cháipéis téarma na scéimeanna teanga a ardú ón tréimhse reatha de 3 bliana, go dtí tréimhse níos faide de 7 mbliana.  Mínítear sa cháipéis go ndéantar an moladh seo ar mhaithe leis an ualach riaracháin a bhaineann le dréachtú, aontú agus daingniú na scéimeanna a laghdú.  Dá nglacfaí leis an tréimhse mholta seo do scéimeanna teanga, bheadh tréimhse na scéimeanna níos faide ná mar a bheadh tréimhse an Choimisinéara Teanga, an té ar a bheidh an dualgais monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na scéimeanna. 

Faoi réir na moltaí nua sa dréachtcháipéis, bheadh Oifig an Choimisinéara Teanga freagrach amach anseo don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, in áit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus is faoi bhráid na Roinne siúd a bheadh tuairisc bhliantúil an Choimisinéara le cur.  

Agus é ag ardú ceisteanna leis an Aire Gaeltachta mar gheall ar an dréachtcháipéis seo, léirigh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh iontais go mbeadh na moltaí seo á gcur chun cinn, agus dúirt gur iarracht neamhbhalbh í seo chun an reachtaíocht reatha a lagú.  

Le linn don phróiseas comhairliúcháin dhá bhliain ó shin, fuarthas 1,400 suirbhé ón bpobal, mar aon le 262 aighneacht.  Tá deimhnithe ag an Aire Stáit Gaeltachta go bhfoilseofar torthaí an phróisis chomhairliúcháin ar fhoilsiú Chinn an Bhille.

© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Márta 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Sparánacht taighde agus maoiniú áiseanna ar fáil ó COGG

Seachtain na Gaeilge 2014 buailte linn 

Díomá an Uachtaráin maidir le heaspa inniúlachta an Státchórais sa Ghaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>