Loreto Abbey, Ráth Fearnáin, mar shuíomh nua na hiar-bhunscoile lán-Ghaeilge
An tseachtain seo caite, tugadh le fios go bhfuil suíomh Loreto Abbey, seanchlochar ar Bhóthar na Gráinsí, ceannaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar láthair nua do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh.
Tuairiscíodh i mí Eanáir nach raibh aon eolas tugtha do Bhord an Ghaelcholáiste maidir le láthair cé go raibh 200 dalta cláraithe, agus 46 acu sin ar liosta Meán Fómhair 2014. D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna ag an am go raibh suíomh aimsithe don iarbhunscoil lán-Ghaeilge agus níor nochtadh an suíomh sin go dtí an tseachtain seo caite.
Ag eascairt as feachtas a mhair níos mó ná deich mbliana, ghlac an Roinn Oideachais agus Scileanna cinneadh, breis is dhá bhliain ó shin, Gaelcholáiste a bhunú i nDún Droma, Deisceart Átha Cliath.
Tógadh an bunteach sa bhliain 1725 agus is cinnte go mbeidh neart obair athchóirithe le déanamh thar an samhradh ionas go mbeidh an Gaelcholáiste ag feidhmiú san fhoirgneamh in am don scoilbhliain úr.
Táthar ag súil go bhfreastalóidh an Gaelcholáiste úr ar éileamh oideachais an cheantair ina bhfuil géarghá léirithe d’iarbhunscoil bhreise anuas ar Choláiste Íosagáin agus Eoin agus Choláiste de hÍde.
Freastalóidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ar Ghaelscoil Thaobh na Coille, Lios na nÓg, Scoil Mológa agus Ghaelscoil Chnoc Liamhna.
©Foilsithe ar Gaelport.com 7 Márta 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Cosaint d'éiteas na Gaeilge molta go láidir ag Comhchoiste Oireachtais
As na Nuachtáin: €12m project to turn Loreto into a school again
Sparánacht taighde agus maoiniú áiseanna ar fáil ó COGG
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge