Ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin inné, chuir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn fáilte roimh ionadaithe ó phobal na Gaeilge chuig ócáid ar leith in onóir Sheáin Uí Chuirreáin.
D’fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar 4 Nollaig 2013 go raibh sé le héirí as a ról, le feidhm ón 23 Feabhra 2014. Tar éis deich mbliana a bheith caite aige sa ról, agus dhá bhliain fágtha sa téarma ceapacháin aige, dúirt an Coimisinéir agus é ag fógairt a éirí as gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar na cúinsí laistiar dá chinneadh, thagair Ó Cuirreáin do lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.
An tUachtarán féin a d’eagraigh an ócáid seo chun buíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as ucht a bhfuil curtha i gcrích aige chun “gnáth-úsáid laethúil na Gaeilge a chothú i measc ár saoránach, agus chun chearta na Gaeilge mar an gcéad teanga náisiúnta againn a shuíomh agus a húsáid leis an córas stáit mar cheart a chosaint”.
Le linn a chuid cainte, labhair an tUachtarán faoi easpa cumais an Státchórais i leith na Gaeilge agus a dhíomá pearsanta maidir leis sin: “Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom a rá, ní hamháín go bhfuil díomá orm, ach gur cás liom an leibhéal dealraitheach íseal cumais atá sa Státchóras do na saoránaigh gur mian leo a gcearta a chur i bhfeidhm agus bheith ag caidreamh as Gaeilge leis an Stát agus a chuid gníomhaireachtaí”.
Dúirt an tUachtarán freisin nach mór tabhairt faoin “miotas nimhneach go bhfuil an Ghaeilge ina bacainn ar shealbhú aon teanga eile”.
Agus é ag tabhairt teachtaireachta láidir do Státchóras na tíre, dúirt an tUachtarán gur gá “na deacrachtaí a sheas i mbealach Shéain Uí Chuirreáin agus é i mbun a mhisin a bhreithniú go cúramach, ar dheacrachtaí den sórt sin iad, gur cheap sé gurbh fhearrde é dá sheasfadh sé siar óna phost mar Choimisinéir Teanga”.
Ag ócáid eile in Áras an Uachtaráin an tseachtain seo chugainn, déanfar comharba Uí Chuirreáin a insealbhú go hoifigiúil, nuair a bhronnfaidh Uachtarán na hÉireann séala oifigiúil ar an iriseoir Rónán Ó Domhnaill.
© Gaelport.com 6 Márta 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Comórtas Filíochta Uí Néill 2014
As na Nuachtáin: Bilingual poetry in Bantry Gaelscoil
Seachtain na Gaeilge 2014 buailte linn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge