Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seans deireanach cur isteach ar Chomórtas Filíochta Uí Néill

$
0
0

Tá seachtain díreach fágtha anois ag filí agus ag scríbhneoirí peann a chur le pár agus dánta a sheoladh isteach chun páirt a ghlacadh i gComórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill na bliana seo.

Ní mór dánta a bheith faighte roimh an spriocdháta ar 19 Márta 2014. Ní ghearrfar costas ar iontrálacha cur isteach ar an gcomórtas seo. 

Is comórtas dátheangach ar théama oscailte é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith. 

Tá an comórtas seo á reáchtáil in onóir An Choirnéil Eoghain Uí Néill, fear a chaith tamall fada de blianta ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus a bhunaigh an malartú cultúrtha seo chun an gaol idir filí Gaeilge na hÉireann agus filí Gàidhlig na hAlban a fhorbairt.

Roghnófar gearrliosta d’ocht ndán, as a mbeidh buaiteoir amháin ainmnithe ag oíche mhór filíochta agus cheoil den scoth san Ardchathair i mí Aibreán.

Beidh an gearrliosta á fhógairt ar an 26 Márta 2014 agus ina dhiaidh sin reáchtálfar Craobh Ceannais an chomórtais i ‘gCois Teallaigh’, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ar an Aoine 11 Aibreán 2014 áit a mbeidh  an t-úrscéalaí agus an craoltóir Alan Titley mar Fhear an Tí ag an ócáid cultúrtha.

I rith na hoíche beidh filí éagsúla ar éirigh leo an gearrliosta a bhaint amach ag léamh a gcuid saothar agus beidh siamsaíocht ar an oíche leis an amhránaí agus an gceoltóir iomráiteach Síle Denvir ón ngrúpa ceoil Líadan

Bronnfar duais €500 agus Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar bhuaiteoir an chomórtais an oíche sin.  

Ní ghlacfar le níos mó ná trí hiarratas ó gach iarratasóir. 

Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go maith roimh ré chomh maith. 

Is é 19 Márta 2014 an spriocdháta d’iontrálacha.

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais agus ar rialacha an chomórtais ar an leathanach seo 

Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Máire Ní Phuirséil ag maire@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.

© Gaelport.com 11 Márta 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An tua le titim ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge 2014 buailte linn

Suíomh aimsithe do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>