Tá lúcháir orainn an tseachtain seo go mbeidh deis iontach ag duine beart aoibhinn de leabhair ‘Criss-Cross/Mo Chara’, ‘Margadh na Míol in Valparaíso', agus ‘Daoine a Itheann Daoine’ atá ag Cló Iar-Chonnacht.
Criss-Cross/Mo Chara le Gearóid Mac Lochlainn
Tá bealach faoi leith, le saothar Mhic Lochlainn. Athraíonn a chuid frithlaochra buailte a riocht agus a gcultúr agus iad ag dul ó áit go háit trí thrí bhriste, mhacarónach. Déantar smidiríní de choinbhinsiúin sa saothar seo áit a léiríonn Criss-Cross idirtheanga gan smacht gan ord inar thig le rud ar bith tarlú.
Margadh na Míol in Valparaíso le Gabriel Rosenstock
Duanaire filíochta le Gabriel Rosenstock roghnaithe óna chuid cnuasaigh filíochta foilsithe. Leaganacha i mBéarla de na bundánta leis an bhfile féin agus leis an bhfile Paddy Bushe.
Daoine a Itheann Daoine le Mícheál Ó Ruairc
Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibheileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir mná agus muca - lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi.
Chun go mbeidh d’ainm istigh sa mhála mór do na duaiseanna iontacha seo níl ort ach d’ainm agus sonraí teagmhála a sheoladh chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 31 Márta 2014.
Táimid fíor bhuíoch do Chló Iar-Chonnacht as ucht na saothar nua seo dá gcuid a bhronnadh orainn. Ar ndóigh tá míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig Cló Iar-Chonnacht atá lonnaithe in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe nó dul chuig www.cic.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Márta 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Aip nua do lucht na hArdteiste
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge