An bhfuil spéis agat in earnáil na meán cumarsáide? Ar mhaith leat do chuid scileanna cumarsáide agus taighde a fhorbairt? Tá cúrsa nua á reáchtáil ag Raidió na Life a dhíríonn ar fhoghlaimeoirí a spreagadh agus a chumasú i dtaca leo féin a chur in iúl trí na meáin chraolta.
Teideal an cúrsa ná "Tuiscint ar na Meáin agus Conas Tú Féin a Chur in Iúl” agus bronnfar cáilíocht aitheanta náisiúnta QQI/FETAC dearbhaithe ag CRAOL (Fóram Raidió Pobail na hÉireann)ag deireadh an chúrsa.
Faoi dheireadh an chúrsa beidh foghlaimeoirí in ann:
-
Scagadh a dhéanamh ar an tslí a dhíríonn meáin ar nós an raidió, teilifís, scannáin, na meáin shóisialta, lucht fógraíochta srl. ar spriocphobail ar leith agus conas mar a úsáideann na spriocphobail sin na meáin seo.
-
Na cineálacha éagsúla meáin chumarsáide atá ar fáil dóibh a aithint, mar aon leis na baic atá as comhair dhaoine agus pobail áirithe iad féin a chur in iúl trí na meáin chumarsáide a aithint freisin.
-
Tuiscint a bheith acu ar na teicnící agus na cuir chuige éagsúla a úsáidtear sa raidió mar mheán.
-
Oibriú i bhfoirne le clár raidió gairid a ullmhú agus a thaifeadadh
Oireann an cúrsa seo do chách idir scoláirí idirbhliana, mhic léinn tríú leibhéil, dhaoine atá ag obair go lánaimseartha agus dhaoine atá ag smaoineamh ar pháirt a ghlacadh le stáisiún raidió pobail ar nós Raidió na Life den chéad uair.
Tosóidh an cúrsa ar Dé Céadaoin, 9 Aibreán 2014, ó 7.00pm-9.00pm agus mairfidh sé 10 seachtain. Tá tairiscint speisialta ar fáil don chéad chúrsa - €70 nó €50 do mhic léinn.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus áit a chur in áirithe trí theagmháil a dhéanamh le Muiris Ó Fiannachta ar 01-6616333 nó ag muiris@raidionalife.ie roimh 4 Aibreán 2014.
©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Márta 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Aip nua do lucht na hArdteiste
Ocht ndán san iomaíocht le haghaidh Chorn an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2014
Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge