Scoth na léiriúcháin Ghaeilge san iomaíocht an tseachtain seo ag Féile na Meán Ceilteach.
Déanfar ceiliúradh ar chraoltóireacht teilifíse, raidió, scannáin agus ar fhorbairt eacnamaíoch na dtíortha Ceilteacha thar trí lá i gCorn na Breataine ón gCéadaoin bheag seo, 2 Aibreán, go dtí an Aoine, 4 Aibreán.
Taispeántar ardchaighdeán tallainne i réimsí éagsúla ón Albain, Éire, an Bhreatain Bheag, an Chorn agus an Bhriotáin ag an bhFéile a chuireann cultúir na dtíortha Ceilteacha chun chinn trí aitheantas a thabhairt do chraoladh ar ardchaighdeán sna teangacha dúchasacha.
Tá cúig léiriúchán de chuid TG4 luaite ar ghearrliostaí éagsúla craoltóireachta na féile ag síneadh ón gclár is fearr do pháistí go dtí an tsraith fhíorasach is fearr:
BB agus Bella - TG4 agus BAI (Clár do pháistí)
Ponydance: An Scannán - TG4 (Léiriúchán do dhaoine óga)
Áille an Uafáis - TG4 agus BAI (Clár fíorasach)
Execution (Bású):Erskine Childers - TG4 agus BAI (Sraith fhíorasach)
Croí Trodach; A Fighting Heart - TG4 agus BAI (Spórt)
Ó thaobh craoltóireachta raidió de, tá cúig ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar ghearrliostaí na féile. Tá ainmniúchán faighte ag Cormac Ó hEadhra do Láithreoir Raidió na Bliana; tá An Taobh Tuathail ar an liosta sa rannóg Ceoil; tá an clár Cuairt ar Ghaza a rinne Eibhlín Ní Chonghaile ar an liosta do Chlár Faisnéise na Bliana agus tá Spórt an Luain san iomaíocht don Chlár Spóirt is fearr.
Rachaidh Raidió na Gaeltachta san iomaíocht le Raidió na Life arís i mbliana don ghradam don Stáisiún Raidió is fearr. Bronnadh an gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ar Raidió na Life anuraidh, an chéad uair i stair 34 bliain na féile gur thug stáisiún raidió pobail an duais mhór leo.
I measc na léiriúcháin Ghaeilge eile atá ainmnithe ar an ngearrliosta tá: Filíocht Anois - Blianta an Chogaidh, sraith bheochana léirithe ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus BBC NI; An Dubh ina Gheal, clár fíorasach scríofa ag Paula Kehoe agus Louis De Paor agus léirithe ag Saoi Media Ltd.; agus An Feall Fuilteach - Scéal Mhaolra Seoighe, léirithe ag BBC NI agus BBC Radio.
Chomh maith le héachtaí craoltóireachta na Gaeilge, tá an aip de chuid Bábóg Baby ainmnithe ar an ngearrliosta don Aip is Fearr.
Fógrófar torthaí na ngradam i rith Féile na seachtaine seo, 2-4 Aibreán 2014.
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Duaiseanna Ghlór na nGael 2014 bronnta
Cúrsa raidió nua do bhuntosaitheoirí
Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge