Tá lúcháir orainn an tseachtain seo go mbeidh deis iontach ag duine amháin beart aoibhinn de leabhair ‘Sciorrann an t-Am, An Colm Bán agus Fuaimeanna na Gaeilge a d’fhoilsigh Cois Life a bhuachan.
Sciorrann an t-Am le hOrna Ní Choileáin
Gearrscéalta ó údar Canary Wharf. An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith. Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin. Bí cúramach, a léitheoir!.
An Colm Bán le Liam Ó Muirthile
Úrscéal ciorclach, timpeallach atá sa saothar seo, é lonnaithe i bPáras; dhá thréimhse ama – tús an 20ú hAois, agus tús an 21ú hAois – agus dhá scéal á bhfí ina chéile. Úrscéal liteartha. Bronnadh duais Oireachtas 2013 ar an leabhar seo.
Fuaimeanna na Gaeilge le Brian Ó Raghallaigh
Cur síos ar an bhfoghraíocht agus ar an bhfóineolaíocht i gcomhthéacs na Gaeilge, agus córas fuaimeanna na Gaeilge leagtha amach ann, fóinéim ar fhóinéim i gcomhthéacs na bpríomhchanúintí.
Is dlúthchuid den tionscadal seo é an suíomh www.fuaimeanna.ie áit a bhfuil catalóg na bhfuaimeanna agus na dtaifead samplach mar thaca do lucht léite an leabhair.
Chun go mbeidh d’ainm istigh sa mhála mór do na duaiseanna iontacha seo níl ort ach d’ainm agus sonraí teagmhála a sheoladh chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 7 Aibreán 2014.
Táimid fíor bhuíoch do Cois Life as ucht na saothar nua seo dá gcuid a bhronnadh orainn.
Comhghairdeas le Brian Ó Fiaich a bhuígh beart leabhar de chuid Cló Iar-Chonnacht an tseachtain seo caite.
©Foilsithe ar Gaelport.com 1 Aibreán 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Gearrliosta na nGradam Cumarsáide Fógartha
Na meáin Ghaeilge ag ullmhú d'Fhéile na Meán Ceilteach
Duaiseanna Ghlór na nGael 2014 bronnta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge