Tá an tÚdarás Clárúcháin Maoine ag lorg tuairimí ón bpobal maidir leis na seirbhísí a chuireann an tÚdarás ar fáil dá chustaiméirí trí mheán na Gaeilge.
Cuireann an tÚdarás Clárúcháin Maoine fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú an dara dréachtscéim teanga de réir Alt 15 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ó aon pháirtithe leasmhara.
Ba chóir nach sáródh na h-aighneachtaí 4,000 focal (c. 8 leathanach) agus más féidir, ba choir iad a sheoladh isteach go leictreonach chuig webmaster@prai.ie. Ina ionad sin is féidir iad a chur sa phost chuig:
Margaret Mulhair,
Rannán na Seirbhísí Corparáideacha,
An tÚdarás Clárúcháin Maoine,
Sráid na Seansaireachta,
Baile Átha Cliath 7.
Ní mór aighneachtaí a chur isteach roimh 5.00pm, 28 Aibreán, 2014.
Aighneachtaí
Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aiseolas a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:
-
Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
-
Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
-
Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
-
Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
-
Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
-
Cruinnithe Poiblí
-
Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
-
Láithreán Gréasáin
-
Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
-
Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
-
Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe
Tá eolas maidir le mandáid agus ról an Údaráis agus na seirbhísí a chuireann sé ar fáil don phobal ar fáil ag www.prai.ie.
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie.
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com 2 Aibreán 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain Ceaptha
Duaiseanna Ghlór na nGael 2014 bronnta
Gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge